Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 6
Freastail ar éisteacht iomlán le haghaidh Ordú Sábháilteachta, Ordú Urchoisc nó an dá cheann

Beidh toghairm faighte agat le haghaidh Ordú Sábháilteachta, Ordú Urchoisc, nó an dá cheann. Beidh dáta, am agus ionad na héisteachta cúirte ann do d'iarratas fadtéarmach ar ordú um fhoréigean baile.

Ní mór duit a bheith i láthair sa chúirt ar an dáta agus ag an am a tugadh. Táthar ag súil freisin go bhfreastalóidh an freagróir ar an éisteacht iomlán seo.

Is féidir leis an mbeirt agaibh fianaise a thabhairt don chúirt. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ort mionn a ghlacadh agus eolas ábhartha a thabhairt faoin iarratas. Féadfar croscheistiú a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin ceisteanna a fhreagairt ón duine eile. Déanfaidh an breitheamh cinneadh maidir le conas a dhéanfar é sin. Féadfaidh sé/sí cead a thabhairt don duine eile ceisteanna a chur go pearsanta, nó féadfaidh sé/sí a roghnú gan cead a thabhairt ach d'aturnae nó d'abhcóide na ceisteanna sin a chur.

Tar éis an fhianaise a éisteacht déanfaidh an Breitheamh cinneadh. Féadfaidh sé/sí a chinneadh an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Ordú a dheonú agus a théarmaí agus coinníollacha a leagan amach. Ciallaíonn sé sin go n-aontaíonn sé/sí an t-ordú fadtéarmach a ndearna tú iarratas air a thabhairt duit. Leagtar amach ann freisin sonraí maidir le cé chomh fada agus a mhairfidh sé agus cosaintí sábháilteachta eile duitse agus d'aon leanbh cleithiúnach.
  • An t-ordú a dhiúltú. Ciallaíonn sé sin nach n-aontaíonn sé/sí an t-ordú fadtéarmach a ndearna tú iarratas air a thabhairt duit.
  • An t-iarratas a chur ar atráth. Ciallaíonn sé sin cinneadh maidir le hiarratas a chur siar go dáta níos déanaí.
  • An t-iarratas a scriosadh amach. Ciallaíonn sé sin iarratas a dhíbhe nó a chur ar ceal. D'fhéadfadh sé seo tarlú mura ndéanann an t-iarratasóir nó an t-aturnae é/í féin a láithriú sa chúirt. Ciallaíonn sé freisin go gcuirtear aon orduithe cosanta gaolmhara, amhail Ordú Cosanta nó Ordú Urchoisc Eatramhach, ar ceal freisin agus nach bhfuil siad i bhfeidhm a thuilleadh.

Tuilleadh eolais maidir le hullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh >

I gcásanna áirithe ina bhfuil leanaí i gceist, b'fhéidir gur mhaith le breitheamh eolas a fháil faoina leas, faoina sábháilteacht, faoina sláinte agus faoina gcúram. Má tá leanbh ag aois oiriúnach agus aibí go leor, b'fhéidir gur mhaith leis/léi a dtuairimí a chur san áireamh. Chun an t-eolas sin a fháil, d'fhéadfadh an breitheamh cinneadh a dhéanamh go dteastaíonn tuarascáil ó shaineolaí uaidh/uaithi.

Tuilleadh eolais maidir le tuarascálacha faoi leanaí >