Má Sháraíonn Duine Ordú Cúirte

Cad a tharlaíonn mura gcomhlíonann duine ordú?

D'fhéadfaí a mheas gur cion coiriúil é gan ordú cúirte a chomhlíonadh. Aon duine a chuireann cosc ort féin nó ar do chleithiúnaithe dul isteach in áit lena mbaineann an t-ordú nó fanacht ann, féadfar é/í a fháil ciontach i gcion freisin.

Tugtar sárú ar ordú air sin.

  • Baineann na cionta seo le hordú sábháilteachta, ordú cosanta, ordú urchoisc, ordú urchoisc eatramhach nó ordú urchoisc éigeandála a shárú d'aon ghnó. Tá feidhm acu fad is atá an t-ordú i bhfeidhm.

Má tugadh ordú duit agus má bhriseann an freagróir é, ba chóir duit:

  • glaoch a chur ar na Gardaí láithreach
  • cóip den ordú a thaispeáint don Gharda nó do na Gardaí imscrúdaithe nó freagartha
  • éisteacht lena dtreoracha maidir lena bhfuil le déanamh ina dhiaidh sin agus na treoracha sin a leanúint

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist. Tá grúpaí tacaíochta um fhoréigean baile ann freisin chun cabhrú leat le do shaincheist.

Tuilleadh eolais ar chomhairle dlí agus ionadaíocht >

Tuilleadh eolais ar sheirbhísí tacaíochta >