Comhairle Dlí agus Ionadaíocht Dlí

D'fhéadfadh cinntí Dlí Teaghlaigh tionchar a imirt ar nithe amhail:

 

  • Socruithe do do leanaí
  • Cothabháil
  • Áras an teaghlaigh
  • Airgead, sócmhainní agus pinsin

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle ghairmiúil dlí a lorg chun na tionchair sin a thuiscint i gceart.

Is féidir leat cinneadh a dhéanamh ionadaíocht a dhéanamh duit féin i d'ábhar dlí teaghlaigh. Ní féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna comhairle a thabhairt duit maidir le conas é sin a dhéanamh. Mar sin féin, is féidir linn a chur in iúl duit gur chóir go mbeadh na nithe seo a leanas i measc na seirbhísí a chuireann ionadaí gairmiúil dlíthiúil ar fáil. Ba cheart dó/di:

  • Comhairle a thabhairt duit faoi do chearta dlíthiúla.
  • Míniú conas a d'fhéadfadh sibh teacht ar chomhaontú.
  • An dlí agus nósanna imeachta na cúirte a chur in iúl duit.
  • Do pháipéarachas a ullmhú agus a chomhdú.
  • Dul i dteagmháil le daoine eile a bhfuil baint acu le d'ábhar dlí teaghlaigh.
  • Labhairt ar do shon sa chúirt

Má dhéanann tú cinneadh ionadaíocht a dhéanamh duit féin, beidh ort nósanna imeachta cúirte a thuiscint.

Cé eile atá in ann cabhrú?

Is eagraíocht é Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (FLAC) a chuireann comhairle dlí rúnda saor in aisce ar fáil. fheidhmíonn FLAC mar ionadaithe dlíthiúla do chúrsaí dlí teaghlaigh.

Tá liosta de shonraí teagmhála aturnaetha ag Dlí-Chumann na hÉireann. Níl aon táillí socraithe ann d'aturnaetha príobháideacha agus mar sin ba chóir duit ceist a chur orthu faoi na costais sula dtosaíonn tú.

Mura gceapann tú gur féidir leat aturnae príobháideach a íoc, b'fhéidir gur mhaith leat teagmháil a dhéanamh leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil chun a fháil amach an bhfuil tú incháilithe dá seirbhísí.