Languages

An Próiseas Colscartha

Déantar formhór na n-iarratas ar cholscaradh sa Chúirt Chuarda. I gcásanna áirithe ina bhfuil luach os cionn €3 mhilliún ar shócmhainní, is féidir iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt. Ní dhéileáiltear le hiarratais ar cholscaradh sa Chúirt Dúiche.

Tugtar an t-iarratasóir ar an duine a thosaíonn an t-iarratas ar cholscaradh. Tugtar an freagróir ar an duine eile.

Ní ghearrann an tSeirbhís Chúirteanna táille ar cheachtar duine as iarratais Dlí Teaghlaigh a dhéanamh (lena n-áirítear iarratais ar cholscaradh). Ba cheart duit táillí a phlé le d'aturnae, le d'ionadaí dlíthiúil, nó le d'eadránaí má roghnaíonn tú a c(h)uid seirbhísí a úsáid.

Chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda tá roinnt céimeanna le déanamh. Níl san eolas thíos ach treoir. Seiceáil reachtaíocht agus rialacha cúirte i gcónaí lena chinntiú go bhfuil d'iarratas ceart. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Smaoinigh ar chomhairle dlí agus ar eadráin

Sula gcuirfear tús le himeachtaí colscartha, beidh ar an iarratasóir agus ar an bhfreagróir araon cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle dlí ghairmiúil a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh dóibh féin agus beidh orthu smaoineamh ar fhreastal ar eadráin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Comhlánaíonn agus cuireann an t-iarratasóir an t-iarratas tosaigh isteach

Chun tús a chur le himeachtaí colscartha, beidh ar an iarratasóir an páipéarachas riachtanach don iarratas tosaigh a chomhlánú agus a chur faoi bhráid oifig na cúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Seirbheáil na doiciméid

Coimeádfaidh an t-iarratasóir páipéarachas an iarratais bunaidh dá dtaifid féin. Ní mór dóibh cóip den pháipéarachas seo a sheoladh chuig an bhfreagróir freisin. Tugtar seirbheáil ar an bpróiseas sin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freagraíonn an freagróir

Tar éis na doiciméid maidir leis an gcolscaradh a sheirbheáil ar an bhfreagróir, tá roinnt gníomhartha ann a cheanglaítear air/uirthi a dhéanamh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Faigh dáta don éisteacht chúirte

Ní mór do roinnt rudaí tarlú sula dtabharfar an cás os comhair breithimh (ar a dtugtar an éisteacht chúirte freisin). Braithfidh sé sin ar cibé an bhfuil an t-iarratasóir agus an freagróir araon réidh le teacht i láthair.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freastail ar an éisteacht chúirte

Nuair a bheidh siad réidh, freastalóidh an t-iarratasóir agus an freagróir araon ar an gcúirt le go n-éistfidh breitheamh an cás.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh an t-iarratasóir agus an freagróir araon cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >