Languages

Colscaradh agus

Idirscaradh Breithiúnach a Thuiscint

Agus orduithe colscartha nó orduithe idirscartha bhreithiúnaigh á ndéanamh ag breitheamh, ní mór dó/di a chinntiú go ndéantar soláthar cuí duit féin, do do chéile agus do leanaí cleithiúnacha. Ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh an breitheamh imthosca uile an phósta a bhreithniú agus go mbeidh sé mar aidhm aige/aici cinntí cothroma a dhéanamh a fhreastalaíonn ar riachtanais gach duine.

Is iad seo a leanas na príomhrudaí a dhéanfaidh an breitheamh a bhreithniú:

 

  •  Airgeadas reatha agus airgeadas amach anseo de do chuid agus de chuid do chéile nó do pháirtí.
  • An caighdeán maireachtála a bhí ag an teaghlach sular cuireadh deireadh leis an bpósadh.
  • Aois na gcéilí, fad an phósta, agus an fad ama a bhí cónaí ar na céilí le chéile.
  • Do riachtanais chóiríochta agus riachtanais chóiríochta do chéile/pháirtí.
  • Leanaí an phósta.
  • Aon mhíchumas coirp nó meabhrach atá ar cheachtar céile.
  • Cearta aon duine eile a ndéanann an colscaradh nó an t-idirscaradh breithiúnach difear dó/di.

Déanfaidh an breitheamh freisin aon chomhaontuithe a dtagann sibh orthu agus aon orduithe cúirte atá ann cheana féin a bhreithniú.

Is féidir le colscaradh agus scaradh breithiúnach tionchar a imirt ar go leor rudaí. D'fhéadfadh na tionchair sin a bheith casta agus pléitear iad thíos. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist leis na saincheisteanna sin.

Cad is gá dom smaoineamh air?

Socruithe do leanaí

Is féidir libh aontú ar na socruithe chun aire a thabhairt do bhur leanaí. Is féidir libh aontú faoi na nithe seo a leanas:

  • Coimeád - ciallaíonn sé sin cúram laethúil na leanaí agus an áit a mbeidh siad ina gcónaí.
  • Rochtain - ciallaíonn sé sin conas, cathain agus cén áit a gcaithfidh na páistí am le gach tuismitheoir.
  • Airgeadas - conas a thabharfaidh sibh tacaíocht airgeadais do bhur leanaí.
  • Aon saincheisteanna eile a bhaineann le tógáil bhur leanaí, mar shampla, a n-oideachas agus a sláinte.

Déanfaidh breitheamh bhur gcomhaontú maidir le socruithe do bhur leanaí a bhreithniú mar chuid d'ordú cúirte.

Mura féidir libh teacht ar chomhaontú, féadfaidh sibh a iarraidh ar an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh. Agus orduithe faoi leanaí á ndéanamh aige/aici, déanfaidh an breitheamh riachtanais na leanaí, lena n-áirítear an méid seo a leanas, a bhreithniú:

  • socruithe cóiríochta
  • sláine airgeadais
  • tacaíocht oideachais
  • sláinte fhisiciúil agus mheabhrach

Má tá breitheamh ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi na leanaí is féidir leis/léi tuarascáil a iarraidh ó shaineolaí. Cuirfear in iúl duit cén cineál tuarascála atá ag teastáil. Déanfar cinneadh sa chúirt faoi ainm an duine atá chun an tuarascáil sin a chur i gcrích.

Tuilleadh eolais maidir le tuarascálacha faoi leanaí >

Cothabháil

Tá dualgas ar thuismitheoirí tacaíocht airgeadais a thabhairt dá leanbh cleithiúnach nó dá leanaí cleithiúnacha. Ag brath ar do chúinsí aonair, d'fhéadfadh sé go mbeadh dualgas ort tacaíocht airgeadais a thabhairt do do chéile. Tugtar cothabháil ar an tacaíocht airgeadais sin. Athraíonn méid na n-íocaíochtaí sin ag brath ar do staid airgeadais.

Is leanbh cleithiúnach é leanbh:

  • atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó
  • atá os cionn 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 23 bliain d'aois ach atá fós in oideachas lánaimseartha, nó
  • d'aois ar bith agus a bhfuil míchumas meabhrach nó coirp air/uirthi sa mhéid nach féidir leis/léi aire a thabhairt dó/di féin

Féadfaidh tú féin agus do chéile nó do pháirtí comhaontú ar na híocaíochtaí cothabhála atá réasúnach agus cóir do bhur gcúinsí.

Déanfaidh breitheamh do chomhaontú maidir leis an gcothabháil a bhreithniú mar chuid d'ordú cúirte.

Mura féidir libh teacht ar chomhaontú, féadfaidh sibh a iarraidh ar an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh. Agus orduithe á ndéanamh aige/aici maidir le cothabháil, déanfaidh an breitheamh na nithe seo a leanas a bhreithniú:

  • ioncam agus costais mhaireachtála
  • na costais a bhaineann leis na leanaí a thógáil
  • réadmhaoin nó sócmhainní airgeadais eile
  • dualgais i leith daoine eile a d'fhéadfadh a bheith ort, mar shampla, íocaíochtaí cothabhála do dhuine eile

Teach an teaghlaigh

Ní mór do lánúineacha atá ag scaradh nó ag fáil colscartha cinneadh a dhéanamh faoi cad ba cheart a dhéanamh le teach an teaghlaigh. Ní hionann cúinsí gach teaghlaigh. Is iad seo a leanas na comhaontuithe is coitianta:

  • teach an teaghlaigh a dhíol láithreach
  • teach an teaghlaigh a dhíol ar dháta níos déanaí
  • a shocrú go ndéanfadh céile nó páirtí amháin an céile nó páirtí eile a cheannach amach
  • tionóntacht an tí a aistriú

Déanfaidh breitheamh bhur gcomhaontú faoi áras an teaghlaigh a bhreithniú mar chuid d'ordú cúirte. Mura féidir libh teacht ar chomhaontú, féadfaidh sibh a iarraidh ar an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh. Tugtar ordú coigeartaithe maoine ar ordú cúirte faoi áras an teaghlaigh.

Agus ordú coigeartaithe maoine á dhéanamh aige/aici faoi theach an teaghlaigh, déanfaidh breitheamh an méid seo a leanas a bhreithniú:

  • cúinsí teaghlaigh
  • cé a bhfuil sé de cheart aige/aici cónaí in áras an teaghlaigh agus ar feadh cén tréimhse
  • cé a bhfuil cearta úinéireachta aige/aici maidir le háras an teaghlaigh

D'fhéadfadh sé go mbeadh gá fógra a thabhairt d'Údarás Clárúcháin Maoine na hÉireann maidir le haon ordú coigeartaithe maoine.

Airgead, sócmhainní agus pinsin

Beidh ort cinntí a dhéanamh maidir le haon sócmhainní atá agat. D'fhéadfadh cuid de na cinntí sin a bheith casta agus d'fhéadfadh tionchar a bheith acu ar bhur gcúinsí aonair. I measc na gcineálacha sócmhainní, d'fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

  • airgead in institiúidí airgeadais
  • réadmhaoin agus earraí pearsanta
  • feithiclí
  • coigilteas agus infheistíochtaí
  • oidhreacht
  • pinsin

Tá a rialacha féin ag gach scéim pinsin. D'fhéadfadh tionchar a bheith ag colscaradh nó idirscaradh ar do scéim féin (má tá ceann agat). Is féidir le hiontaobhaithe do phinsin tuilleadh eolais a thabhairt duit. Is iad seo a leanas na comhaontuithe is coitianta a dhéantar faoi phinsin:

  • Níl éileamh ag gach céile nó páirtí ach ar a p(h)insean féin amháin.
  • Roinntear pinsean idir an bheirt chéilí nó an bheirt pháirtithe agus/nó a leanaí cleithiúnacha.

Tá gá le hordú coigeartaithe pinsin do gach pinsean a d'fhéadfadh a bheith agat. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Údaráis Pinsean.

Déanfaidh breitheamh do chomhaontú maidir le hairgead, sócmhainní agus pinsin a bhreithniú mar chuid d'ordú cúirte. Mura féidir libh teacht ar chomhaontú, féadfaidh sibh a iarraidh ar an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh.

Agus ordú á dhéanamh aige/aici faoi airgead, faoi shócmhainní agus faoi phinsin, déanfaidh breitheamh gach faisnéis airgeadais a bhreithniú.

Tabhair faoi deara: bíonn tionchar ag colscaradh ar do cheart sciar a bheith agat go huathoibríoch in eastát d'iarchéile nó d'iarpháirtí ar éag dóibh. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.