Cearta Coimeádta

Is féidir le coimeád linbh a bheith uathoibríoch, trí chomhaontú idir an dá pháirtí, nó trí chinneadh breithimh. Seo conas a oibríonn siad.

Coimeád uathoibríoch

Féadfaidh sé go bhfuil cearta coimeádta uathoibríocha agat cheana féin. Ciallaíonn sé sin nach gá duit iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar choimeád do linbh. Tá cearta uathoibríocha ag na daoine seo a leanas:

  • Tá coimeád aonair uathoibríoch an linbh ag máthair nach bhfuil pósta le hathair an linbh.
  • Tá comhchoimeád ag céilí pósta a chónaíonn le chéile

Coimeád trí chomhaontú

Comhaontaíonn an bheirt tuismitheoirí ar chomhchoimeád

Is féidir libh teacht ar chomhaontú faoi shocruithe coimeádta do bhur leanaí. Is féidir é sin a dhéanamh le chéile, nó le cabhair ó eadránaí nó ó aturnae. B'fhéidir gur mhaith leat a iarraidh ar bhreitheamh Riail Chúirte a dhéanamh den chomhaontú sin. Ciallaíonn sé sin go gcaitear leis mar an gcéanna le hordú cúirte agus gur féidir é a fhorfheidhmiú go dlíthiúil cosúil le hordú cúirte.

Tuilleadh eolais ar eadráin agus ar chúnamh dlí >

Coimeád arna chinneadh ag an gcúirt

Mura bhfuil cearta uathoibríocha agat nó mura féidir leat teacht ar chomhaontú, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar choimeád. Seo thíos samplaí de dhaoine ar gá dóibh iarratas a dhéanamh chun na cúirte. Seans go mbeidh tú féin i gcás ceannann céanna nó i gcás comhchosúil. Ní liosta uileghabhálach é seo.

Déantar formhór na n-iarratas cúirte chuig an gCúirt Dúiche. Is féidir iad a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda freisin, go minic mar chuid d'iarratas ar idirscaradh breithiúnach nó ar cholscaradh.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chás ar leith.

Tuilleadh eolais ar eadráin agus ar chúnamh dlí >

Ní aontaíonn tuismitheoirí faoi choimeád

Sa chás nach féidir leis na tuismitheoirí teacht ar chomhaontú, is féidir le tuismitheoir ar bith iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar chomhchoimeád nó ar choimeád aonair. Féadfaidh an breitheamh tuairimí an linbh a mheas má mheastar go bhfuil aois agus leibhéal tuisceana an linbh oiriúnach.

Gaolta an linbh

Is féidir le deartháireacha, deirfiúracha, aintíní, uncailí agus seantuismitheoirí iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar choimeád linbh.

Caomhnóirí an linbh

Féadfaidh aon duine atá ina c(h)aomhnóir faoi láthair, lena n-áirítear caomhnóir sealadach, nach bhfuil coimeád aige/aici iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar choimeád aonair nó ar chomhchoimeád.

Leastuismitheoir, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir

I gcás duine a chónaíonn leis an leanbh agus atá nó a bhí pósta le, nó i bpáirtnéireacht shibhialta le, tuismitheoir an linbh, nó a bhí mar chomhchónaitheoir an tuismitheora ar feadh trí bliana ar a laghad, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar choimeád. Chomh maith leis sin, ní mór dó/di a bheith ina c(h)omhthuismitheoir ag an leanbh ar feadh dhá bhliain ar a laghad.

Daoine fásta eile

Is féidir le duine a chuir cúram laethúil an linbh ar fáil ar feadh tréimhse leanúnach níos mó ná bliain amháin iarratas ar choimeád a dhéanamh chun na cúirte freisin. Tá feidhm aige sin sa chás nach bhfuil aon tuismitheoir nó caomhnóir ag an leanbh atá toilteanach nó in ann cearta agus freagrachtaí caomhnóra a fheidhmiú.

Seiceáil an féidir leat iarratas a dhéanamh

Más mian leat a sheiceáil an bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar choimeád, is féidir leat ár 'Seiceálaí Incháilitheachta' tapa a úsáid thíos.

Seiceáil an féidir leat iarratas a dhéanamh ar Choimeád

Trí shraith ceisteanna simplí a fhreagairt, beidh tú in ann a sheiceáil an bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar choimeád. Tá na torthaí bunaithe ar do chuid freagraí, ach is féidir le cásanna a bheith casta agus b'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chuid roghanna.

Níl aon sonraí á dtaifeadadh ná á seoladh le linn an phróisis.

What is your relationship to the child?
Are you married to the father/parent of the child?
Are you married to the mother of the child?
Have you been a cohabitant of the parent for a minimum of 3 years?
Have you co-parented the child for more than 2 years, and is the child currently living with you?
Have you provided for the child's day to day care for a continuous period of more than one year?
Has the child got a parent or guardian that is willing to exercise the rights and responsibilities of guardianship for the child?