Déantar formhór na n-iarratas ar chaomhnóireacht, coimeád agus rochtain sa Chúirt Dúiche. I gcásanna áirithe, a bhaineann le cásanna níos casta, is féidir iarratas a dhéanamh sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt. Tá a rialacha féin ag gach cúirt maidir le conas iarratas a dhéanamh ar ordú cúirte.
Chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche tá roinnt céimeanna le glacadh. Baineann an t-eolas a chuirtear ar fáil anseo le hiarratais ón gCúirt Dúiche ar chaomhnóireacht, ar choimeád, ar rochtain agus le hiarratais ar thoiliú caomhnóra chun pas a eisiúint a ligean thar ceal.
Tugtar an t-iarratasóir ar an duine atá ag déanamh iarratais. Tugtar an freagróir ar an duine a fhaigheann iarratas.
Ní ghearrann an tSeirbhís Chúirteanna táille as iarratais Dlí Teaghlaigh a dhéanamh. Ba cheart duit táillí a phlé le d'ionadaí dlíthiúil, nó le d'eadránaí má roghnaíonn tú a c(h)uid seirbhísí a úsáid.
Níl san eolas go léir ach treoir. Seiceáil reachtaíocht agus rialacha cúirte i gcónaí lena chinntiú go bhfuil d'iarratas ceart. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí
Féadfaidh tú féin agus an freagróir aontú ar shocruithe do bhur leanaí. Déanfaidh breitheamh aon chomhaontú a bhreithniú mar chuid d'iarratas cúirte. Sula ndéanann tú iarratas chun na cúirte, ba cheart smaoineamh faoi eadráin agus cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle ghairmiúil dlí a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin.
Íoslódáil agus comhlánaigh an páipéarachas
Íoslódáil an fhoirm iarratais ábhartha le haghaidh do shaincheist Dlí Teaghlaigh ar leith. Mura féidir leat foirm a íoslódáil, is féidir leat í a iarraidh ó d'oifig chúirte áitiúil. Comhlánaigh an fhoirm iarratais chuí. Déan cinnte go bhfuil an fhoirm sínithe agus dátaithe.
Ba cheart duit féin nó do d'ionadaí dlíthiúil teagmháil a dhéanamh le hoifig na Seirbhíse Cúirteanna nó cuairt a thabhairt uirthi chun an chéad dáta cúirte eile atá ar fáil le haghaidh d'iarratais a iarraidh.
Déan cinneadh maidir le cá háit le d'iarratas a dhéanamh
Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir. Má tá d'iarratas práinneach, cuir é sin in iúl d'fhoireann na hOifige Cúirte mar tá seans go mbeifí in ann éisteacht le d'iarratas i gceantar Cúirte Dúiche eile
Seirbheáil na doiciméid agus cuir cruthúnas ar sheirbheáil ar fáil
Ní mór duit na doiciméid a sheoladh chuig an bhfreagróir. Tugtar seirbheáil ar an bpróiseas sin. Beidh ort cruthúnas ar sheirbheáil a chur ar fáil don chúirt freisin. Déantar é sin trí Dhearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála a chomhlánú.
Taisc doiciméid le hoifig na cúirte
Ní mór duit an t-iarratas bunaidh, Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála agus Ráiteas Socruithe (más infheidhme) a thaisceadh le hoifig na cúirte. Ba chóir duit é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir ach ar a laghad dhá lá roimh dháta na héisteachta cúirte. Má tá na doiciméid in ord, liostófar an t-iarratas don chúirt agus deimhneofar an éisteacht chúirte.
Mura ndéantar na doiciméid a chomhlánú i gceart agus a chur ar ais in am, ní rachfar ar aghaidh leis an éisteacht chúirte.
Freastail ar éisteacht chúirte
Ba chóir duit féin agus don fhreagróir freastal ar an gcúirt chun go n-éistfidh breitheamh an cás. Éistfidh an breitheamh fianaise ón mbeirt agaibh agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Tugtar ordú cúirte ar chinneadh an bhreithimh.
Faigh ordú cúirte
Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh tú agus an freagróir araon cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh.