Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 2
Déan cinneadh maidir le cá háit le d'iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir.

Mura bhfuil tú cinnte faoin áit cheart le d'iarratas a dhéanamh, déan teagmháil le d'oifig Cúirte Dúiche áitiúil chun eolas a fháil. Má tá práinn leis an ábhar agus mura féidir éisteacht a fháil i do cheantar Cúirte Dúiche, d'fhéadfadh breitheamh i gceantar Cúirte Dúiche eile a bheith in ann d'iarratas a éisteacht. Ba chóir duit foireann na hoifige cúirte a chur ar an eolas faoin bpráinn.