Seirbheáladh Doiciméid Orm

Seirbheáladh Fógra Iarratais orm

Má seirbheáladh "Fógra Iarratais" ort, ciallaíonn sé sin go bhfuil duine eile ag déanamh iarratais ar ordú cúirte. D'fhéadfadh an t-iarratas cúirte a bheith bainteach le socruithe a bhaineann le do leanbh/leanaí amhail coimeád, rochtain, caomhnóireacht nó iarratais ar phas.

Tugtar an t-iarratasóir ar an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu. Glaoitear an freagróir ortsa.

Ba chóir duit an t-iarratas agus aon doiciméid atá san áireamh a léamh go han-chúramach. Inseofar duit san iarratas cad a bhfuil iarratas á dhéanamh ag an duine eile air. San iarratas, inseofar duit freisin an dáta, an t-am agus an áit a n-éistfidh breitheamh an t-iarratas.

Ag brath ar an ordú a bhfuil iarratas á dhéanamh air, d'fhéadfadh foirm um Ráiteas Socruithe a bheith san áireamh san iarratas freisin. Beidh eolas san fhoirm sin maidir leis an leanbh/na leanaí agus maidir leis na socruithe maireachtála atá acu faoi láthair agus na socruithe maireachtála atá beartaithe. Beidh ort cuid den fhoirm sin a chomhlánú, mar sin tá sé tábhachtach na treoracha a léamh go han-chúramach. Tar éis duit an fhoirm a chomhlánú, ní mór duit í a sheoladh ar ais chuig an iarratasóir.

Tuilleadh eolais maidir le Socruithe do Leanaí >

Do chéad chéimeanna eile

Nuair a bheidh an méid atá san iarratas léite agus tuigthe agat, is iad seo a leanas na chéad chéimeanna eile atá le déanamh agat:

1. Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí

Is féidir le cinntí Dlí Teaghlaigh tionchar a imirt ar nithe amhail socruithe do do leanaí, cothabháil, áras an teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin.

Sula bhfreastalaíonn tú ar an gcúirt, ba cheart duit smaoineamh ar theacht ar chomhaontú le cabhair ó eadránaí nó ó aturnae.

Is féidir le headráin cuidiú le haon díospóidí a d'fhéadfadh a bheith agaibh maidir le cothabháil a réiteach. Is seirbhís rúnda í. Tá gach eadránaí neodrach.

Níl eadráin ann chun cabhrú le lánúineacha síocháin a dhéanamh. Tá sí ann chun comhoibriú a spreagadh eadraibh agus chun socruithe atá inghlactha go frithpháirteach a oibriú amach. Le linn na headrána, is féidir libh bualadh leis an eadránaí le chéile nó ar leithligh.

Ar an meán, maireann an eadráin idir trí sheisiún agus sé sheisiún uair an chloig.

Má tá leanaí agat, is féidir le bhur n-eadránaí a chinntiú go n-éistear le guth an linbh le linn an phróisis eadrána.

Is féidir do chomhaontú a athrú nó a leasú de réir mar is gá. Beidh ort dul chun na cúirte chun é sin a dhéanamh más rud é, mar shampla, go ndearnadh riail chúirte de do chomhaontú eadrána nó más cuid d'ordú cúirte é.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun do roghanna a thuiscint i gceart. Cé nach féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna comhairle a thabhairt nó ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine sa chúirt, is féidir linn a chur in iúl duit gur chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh sna seirbhísí a chuireann ionadaí dlíthiúil ar fáil. Ba cheart dó/di:

  • comhairle a thabhairt duit faoi do chearta dlíthiúla
  • míniú conas a d'fhéadfadh sibh teacht ar chomhaontú
  • do pháipéarachas a ullmhú agus a chomhdú
  • labhairt ar do shon sa chúirt

Is féidir leat cinneadh a dhéanamh ionadaíocht a dhéanamh duit féin i d'ábhar dlí. Má dhéanann tú cinneadh ionadaíocht a dhéanamh duit féin, beidh ort nósanna imeachta cúirte a thuiscint.

Tuilleadh eolais ar eadráin agus ar chúnamh dlí >

2. Smaoinigh ar sheirbhísí tacaíochta eile atá ar fáil

Tuigimid go bhféadfadh go mbeadh tacaíocht agus cúnamh ag teastáil ó go leor úsáideoirí cúirte le linn a n-aistear sa chúirt. Tá go leor seirbhísí tacaíochta ar fáil chun comhairle a thabhairt duit maidir le do chearta agus le d'oibleagáidí.

Tuilleadh eolais ar sheirbhísí tacaíochta >

3. Freastail ar an éisteacht chúirte

San fhoirm iarratais, inseofar dáta, am agus áit na héisteachta cúirte duit. Is le haghaidh éisteacht "i gcúirt iata" a bheidh sé sin, rud a chiallaíonn go mbeidh sí ar siúl go príobháideach. Ní mór don iarratasóir freastal ar an gcúirt freisin ar an dáta atá luaite san iarratas.

Nuair a éistfear an cás, beidh ortsa agus an t-iarratasóir bhur gcásanna a chur faoi bhráid an bhreithimh.

Ba chóir duit aon doiciméid a thacaíonn le do chás a thabhairt leat chuig an gcúirt.

Gheobhaidh tú féin agus an t-iarratasóir an deis fianaise a thabhairt don chúirt agus aon cheisteanna a chur ar an bpáirtí eile faoina bhfianaise. Féadfaidh an breitheamh ceisteanna breise a chur freisin. Tar éis dó/di an fhianaise ar fad a éisteacht, déanfaidh an breitheamh cinneadh ansin maidir leis an iarratas. Tugtar ordú cúirte air sin.

Mura bhfreastalaíonn an t-iarratasóir ar an gcúirt, féadfaidh an breitheamh an cás a scriosadh amach. Ciallaíonn sé sin nach rachaidh an cás ar aghaidh agus go mbeidh ar an iarratasóir tús a chur leis an bpróiseas iomlán arís.

Mura bhfreastalaíonn tú ar an gcúirt, d'fhéadfadh an cás dul ar aghaidh gan tú agus is féidir leis an mbreitheamh ordú a dhéanamh agus tú as láthair.

Tuilleadh eolais maidir le hullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh >

4. Faigh an t-ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, tabharfaidh oifig na cúirte an t-ordú chun críche. Cuirfidh oifig na cúirte cóip den ordú sa phost chugat féin agus chuig an iarratasóir - nó chuig d'aturnaetha - a luaithe a bheidh sé réidh.

Mura bhfaigheann tú an t-ordú cúirte laistigh de cheithre seachtaine, déan teagmháil le hoifig na cúirte.

Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta le cinneadh an bhreithimh. Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, ní mór duit do dhoiciméid achomhairc a chomhdú laistigh de cheithre lá dhéag ón éisteacht chúirte.

Tuilleadh eolais maidir le hachomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Dúiche>