Díolúintí maidir le Fógra Pósta

Chun pósadh in Éirinn, ní mór duit foirm um chlárú pósta a fháil. Tugtar 'ceadúnas pósta' air sin uaireanta. Tugann sé cead duit pósadh. Tá ceann ag teastáil do gach pósadh sibhialta, reiligiúnach nó saolta. Faigheann tú an fhoirm um chlárú pósta ón tSeirbhís um Chlárú Sibhialta de chuid an FSS.

Chun an fhoirm um chlárú pósta a fháil, ní mór duit fógra trí mhí ar a laghad a thabhairt don tSeirbhís um Chlárú Sibhialta de chuid an FSS is áitiúla duit go bhfuil sé i gceist agat pósadh. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit coinne um fhógra pósta a chur in áirithe. Ba chóir duit é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir mar athraíonn amanna feithimh ó shuíomh go suíomh.

Déan teagmháil leis an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta de chuid an FSS is áitiúla duit chun coinne a chur in áirithe >

Ní mór don bheirt agaibh freastal ar an gcoinne seo agus bíodh na doiciméid riachtanacha agaibh. Tá seicliosta coinne ag an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta de chuid an FSS ina leagtar amach gach rud a bheidh uait. Ag an gcoinne, buailfidh tú le Cláraitheoir agus síneoidh an bheirt agaibh dearbhú ina luafar nach bhfuil sibh ar an eolas faoi aon chúis dhlíthiúil nach féidir libh pósadh.

Seicliosta coinne um fhógra pósta de chuid Sheirbhís um Chlárú Sibhialta an FSS >

Ar chúis éigin, b'fhéidir nach bhféadfaí fógra trí mhí ar a laghad a thabhairt don tSeirbhís um Chlárú Sibhialta de chuid an FSS. I gcúinsí speisialta is féidir leat iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun Ordú Díolúine um fhógra pósta a fháil. Ligeann sé sin duit iarratas a dhéanamh chuig an tSeirbhís um Chlárú de chuid an FSS ar fhoirm um chlárú pósta gan fógra trí mhí a thabhairt.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do Sheirbhís um Chlárú Sibhialta áitiúil de chuid an FSS a chuirfidh comhairle ort maidir le conas tús a chur leis an bpróiseas. Cuirfidh siad in iúl duit freisin an mbeidh ort ordú díolúine um fhógra pósta a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh ar ordú díolúine um fhógra pósta

Más gá duit ordú díolúine um fhógra pósta a fháil, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an Ard-Chúirt. Déantar formhór na n-iarratas chuig an gCúirt Chuarda.

Is nós imeachta neamhfhoirmiúil é. Ní theastaíonn aturnae uait. Níl aon táille chúirte i gceist don iarratas seo.

Baineann na céimeanna seo a leanas leis an gCúirt Chuarda.

Déan cinneadh maidir le cá háit le d'iarratas a dhéanamh

Is féidir leat féin agus do pháirtí iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt sa chontae ina bhfuil ceachtar agaibh in bhur gcónaí nó ag obair. Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin chuig an gcúirt sa chontae ina bhfuil sé i gceist agat pósadh más contae difriúil é. Mar shampla, má tá tú féin agus do pháirtí in bhur gcónaí agus ag obair i nGaillimh ach má tá sé beartaithe agaibh pósadh i Sligeach, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda i nGaillimh nó i Sligeach.

Aimsigh Oifig na Seirbhíse Cúirteanna is áitiúla duit anseo >

Críochnaigh agus cuir isteach doiciméid iarratais

Déan teagmháil le hoifig na cúirte nó tabhair cuairt uirthi agus iarr foirm iarratais uaithi.

Líon isteach an fhoirm iarratais, agus bí cinnte go bhfuil sí sínithe agus dátaithe ag an mbeirt iarratasóirí.

Cuir in iúl d'fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna an chúis nach raibh tú in ann fógra trí mhí a thabhairt go raibh sé ar intinn agat pósadh. Inis dóibh faoi aon chúis imní atá íogair ó thaobh ama de a d'fhéadfadh a bheith agat, amhail tinneas tromchúiseach ar dhuine den lánúin nó ar dhuine den teaghlach. Cabhróidh siad leat d'iarratas a dhéanamh chomh tapa agus is féidir. Cuirfidh foireann na Seirbhíse Cúirteanna in iúl duit freisin más gá duit aon doiciméid bhreise a theastaíonn a chur ar fáil, amhail:

  • Mionnscríbhinn arna mionnú ag an mbeirt iarratasóirí ina leagtar amach an chúis/na cúiseanna nach raibh tú in ann fógra trí mhí a chur ar fáil don tSeirbhís um Chlárú Sibhialta.
  • Litir ón tSeirbhís um Chlárú Sibhialta de chuid an FSS ina luaitear go dteastaíonn ordú díolúine uait ón gcúirt
  • Litir ón gceiliúraí ina ndeimhnítear dáta agus áit an phósta. Mar shampla, litir ón sagart má tá sibh ag pósadh i séipéal.
  • Doiciméid eile a thacaíonn le d'iarratas.

Freastail ar an éisteacht chúirte

Inseoidh foireann na Seirbhíse Cúirteanna duit cén uair agus cén áit le freastal ar d'éisteacht chúirte. Ní mór don dá pháirtí freastal ar an gcúirt agus foirm aitheantais fótagrafach a chur ar fáil, amhail ceadúnas tiomána, pas nó Cárta Seirbhísí Poiblí. Mura bhfuil duine de na páirtithe in ann a bheith i láthair, cuir in iúl d'fhoireann oifig na cúirte roimh ré, go háirithe má tá duine den lánúin nó duine muinteartha go han-tinn.

Is iondúil go n-éisteann Cláraitheoir Contae iarratais ach is féidir le breitheamh den Chúirt Chuarda iad a éisteacht freisin. Ag an éisteacht, d'fhéadfadh sé/sí fianaise faoi mhionn agus eolas breise a iarraidh ón dá pháirtí.

Má tá sé/sí sásta leis an iarratas, deonóidh sé/sí an t-ordú.

Tar éis na héisteachta, cuir ceist ar fhoireann oifig na cúirte cén uair a bheidh d'ordú díolúine um fhógra pósta réidh.

In go leor cásanna beidh an t-ordú réidh ar an lá céanna. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh suas le coicís a bheith i gceist. Mura bhfuil an t-ordú faighte agat laistigh den tréimhse sin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hoifig na cúirte.

Tuilleadh eolais maidir le hullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh >

Buail leis an gcláraitheoir in oifig na Seirbhíse um Chlárú Sibhialta de chuid an FSS

Má dheonaítear an tOrdú Díolúine um fhógra pósta, beidh ort socruithe a dhéanamh fós chun bualadh le cláraitheoir in oifig Sheirbhísí um Chlárú Sibhialta de chuid an FSS. Beidh ort an chóip dheimhnithe den ordú díolúine a chuireann an tSeirbhís Chúirteanna ar fáil a thabhairt dóibh.

Ní mór é sin a dhéanamh cúig lá ar a laghad sula bpósann tú. I gcúinsí eisceachtúla, smaoineoidh an cláraitheoir ar theorainn ama níos giorra a thabhairt.

Má tá gach rud in ord agus mura bhfuil aon chúis dhlíthiúil ann nach féidir leis an bpósadh dul ar aghaidh, eiseoidh an cláraitheoir foirm um chlárú pósta duit. Tá sé seo cosúil le ceadúnas pósta. Tugann sé cead duit pósadh.