Mionnscríbhinní Ceartúcháin

Ag cur isteach ar Phrobháid - Céim ar Chéim>

Fógraí Leasaithe Foirmeacha Admhála agus Mionnscríbhinní Ceartúcháin ó na Coimisinéirí Ioncaim

D’fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach foirm leasaithe Fógra Admhála nó Mionnscríbhinn Ceartúcháin a chomhdú tar éis deonú ionadaíochta a bheith eisithe i gcásanna ina bhfuil earráidí nó easnaimh ábhartha i bhfoirm bhunaidh na gCoimisinéirí Ioncaim.

I measc samplaí d’earráidí nó easnaimh dá leithéid tá:

  • Maoin nó sócmhainní breise nárbh eol don ionadaí pearsanta ar dtús.
  • Maoin a chuimsítear sa bhunfhoirm Ioncaim nach mbaineann le heastát an duine nach maireann.

Tábhachtach: Níor cheart foirmeacha Fógra Admhála Leasaithe nó Mionnscríbhinní Ceartúcháin a úsáid ach amháin chun earráidí nó easnaimh a rinneadh sa bhunmhionnscríbhinn a cheartú, agus ní mar gheall ar imeachtaí a tharla tar éis dháta an bháis, mar dhíolacháin réadmhaoine.

Treoirlínte chun Fógraí Admhála Leasaithe nó Mionnscríbhinní Ceartúcháin a Chomhdú

  • Foirm Ráitis Chúrsaí Ar Líne: Maidir le básanna ar nó tar éis 5 Nollaig, 2001, nuair a comhlánaíodh an Fhoirm Ráitis Chúrsaí (SA.2)ar líne leis na Coimisinéirí Ioncaim, ní mór Foirm leasaithe Ráitis Chúrsaí a chomhlánú ar líne leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ba chóir cóip den Fhoirm Admhála (Probháide)leasaithe a sheoladh ansin chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Phrobháide Cheantair ábhartha ónar eisíodh an deonú.
  • Foirm Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre Páipéir (CA24): Maidir le básanna a tharla roimh an 5 Nollaig, 2001, nuair a comhdaíodh an Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre (CA24) leis an iarratas ar dheonú ionadaíochta, ní mór foirm pháipéir Mhionnscríbhinn Ceartaithe a thaisceadh san Oifig Phrobháide nó sa Chlárlann Phrobháide Cheantair.

Tabhair cuairt ar Revenue.ie chun tuilleadh eolais a fháil faoi Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre a chomhlánú.

Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a chur isteach:

  • Dhá fhoirm bhunaidh Mionnscríbhinne Ceartúcháin faoi mhionn
  • Cóip amháin den fhoirm Mionnscríbhinne Ceartúcháin
  • Deonú Ionadaíochta Bunaidh
  • Banna Riaracháin (má bhaineann)
  • Litir Údaráis ó na Coimisinéirí Ioncaim má bhaineann an Mhionnscríbhinn Ceartúcháin le dáta an bháis agus luach na maoine a leasú.
  • Táille ábhartha
    • Mura bhfuil méadú tagtha ar ghlanluach an eastáit: tá táille chaighdeánach €50 i gceist
    • Má tá méadú tagtha ar ghlanluach an eastáit:
  • Ríomh an táille iarratais a bheadh dlite bunaithe ar an glanluach iomlán nua - féach Faisnéis faoi tháillí
  • Dealaigh méid na táille a íocadh ar dtús
  • Is é an méid a bheidh mar thoradh air ná an táille a chaithfear a íoc agus do Mhionnscríbhinn Ceartaithe nó d’Fhógra Admhála Leasaithe á gcomhdú

Tabhair faoi deara: Cé go bhfuil sé riachtanach duit d’Fhoirm Leasaithe Admhála nó Mionnscríbhinn Ceartúcháin a chur isteach, ní leasaítear sonraí an deontais bhunaidh de bhun na haighneachta seo.

Ag cur isteach ar Phrobháid - Céim ar Chéim>