Languages

Cúirt Uachtarach na hÉireann

Ról na Cúirte Uachtaraí

Ról na Cúirte Uachtaraí

Tá Cúirt Uachtarach na hÉireann suite ar bharr chóras cúirteanna na hÉireann agus is í an chúirt achomhairc dheiridh í in ábhair shibhialta agus choiriúla. Tá an focal deiridh aici freisin maidir le léirmhíniú ar bhundlí na hÉireann, Bunreacht na hÉireann. Mar an chúirt is airde sa tír, tá cinntí na Cúirte Uachtaraí ina gceangal ar gach cúirt eile in Éirinn.

1. Dlínse Achomhairc Ghinearálta

Ní éistear le hachomhairc ach amháin sa chás go dtugann an Chúirt Uachtarach cead nuair a chinneann sí go bhfuil an tástáil ábhartha atá leagtha amach in Airteagal 34.5 den Bhunreacht comhlíonta.

Tástálacha Bunreachtúla

Éisteann an Chúirt Uachtarach le hachomhairc ó bhreitheanna na Cúirte Achomhairc nuair is deimhin léi:

  • go mbaineann tábhacht phoiblí ghinearálta leis an gcinneadh, agus/nó
  • ar mhaithe leis an gceartas, is gá achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí.

Féadfaidh an Chúirt Uachtarach achomhairc ó bhreitheanna na hArd-Chúirte a éisteacht freisin i gcás inar deimhin léi go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann gur gá achomharc díreach a dhéanamh chuici, is réamhchoinníoll chun gur deimhin leis an gCúirt amhlaidh ceachtar de na tosca seo a leanas nó iad araon a bheith ann:

  • go mbaineann tábhacht phoiblí ghinearálta leis an gcinneadh, agus/nó
  • go bhfuil sé ar mhaithe leis an gceartas.

Tugtar achomharc ‘cliobógach’ air sin de ghnáth toisc go seachnaíonn sé an Chúirt Achomhairc.

2. Dlínse Bhunreachtúil

Tá an focal deiridh ag an gCúirt Uachtarach maidir le léirmhíniú Bhunreacht na hÉireann. Cinntíonn sé go gcloítear leis na dlíthe a achtaíonn an tOireachtas, Parlaimint na hÉireann, agus go ndéantar iad a léirmhíniú i bhfianaise an Bhunreachta agus an dlí-eolaíochta a forbraíodh ó tháinig sé i bhfeidhm i 1937. Ar an gcaoi sin, féadfar a rá go bhfeidhmíonn sí mar chúirt bhunreachtúil.

Is ról é seo a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis in Éirinn mar go gceadaíonn an Bunreacht go sainráite do na cúirteanna athbhreithniú a dhéanamh ar aon dlí, cibé acu a ritheadh é roimh achtú an Bhunreachta nó ina dhiaidh sin, d’fhonn a chinneadh an bhfuil sé i gcomhréir leis an mBunreacht. Coinníonn na hUaschúirteanna (an Ard-Chúirt, an Chúirt Achomhairc agus an Chúirt Uachtarach) an chumhacht reachtaíocht neamhbhailí a dhearbhú a chinntear a bheith ar neamhréir leis an mBunreacht.


 

3. Dlínse Bhunaidh

Tá dlínse bhunaidh ag an gCúirt Uachtarach chun déileáil le dhá ábhar ar leith nuair a iarrtar orthu:

  1. i gcás ina gcuirfidh Uachtarán na hÉireann bille faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí, de réir Airteagal 26 den Bhunreacht, chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh an bhfuil an bille sin (nó forálacha áirithe de), arna rith ag dhá Theach an Oireachtais, ar neamhréir leis an mBunreacht, agus
  2. i gcás inar iarradh ar an gCúirt Uachtarach a chinneadh, de réir Airteagal 12.3 den Bhunreacht, an bhfuil éagumas ar Uachtarán na hÉireann.

Go dtí seo, níor tháinig aon iarrataí faoi Airteagal 12.3 os comhair na Cúirte Uachtaraí.

Nós imeachta maidir le hAirteagal 26

  • I gcás gurb é an tUachtarán a dhéanfaidh an cinneadh bille a tharchur chuig an gCúirt Uachtarach, tosaíonn teorainn ama seasca lá a bheidh forordaithe de réir an bhunreachta. Le linn an ama seo ní mór don Chúirt Uachtarach abhcóide a shannadh chun míbhunreachtúlacht an bhille a áitiú, éisteacht le hargóintí ó bhéal, breithniú a dhéanamh ar an ábhar, agus a chinneadh a thabhairt. Áitíonn príomhchomhairleoir dlí an Rialtais, an tArd-Aighne, i bhfabhar bhunreachtúlacht an bhille.
  • Ceanglaítear leis an mBunreacht go ndéanfar an cinneadh ar tháinig an Chúirt Uachtarach air in Airteagal 26 a thabhairt i bhfoirm breithiúnais aonair, i gcás nach dtugtar ach breith thromlach na Cúirte.
  • Sa chás go gcinneann an Chúirt nach bhfuil bille ag luí leis an mBunreacht, níor cheart don Uachtarán an bille sin a shíniú ina dhlí.
  • I gcás ina seasann an Chúirt le bunreachtúlacht an bhille, síníonn an tUachtarán an bille ina dhlí agus tugtar díolúine éiginnte dó ó agóid bhunreachtúil bhreise.

Ó achtaíodh an Bunreacht i 1937, d’agair Uachtarán an lae meicníocht Airteagal 26 sé huaire déag, agus chinn an Chúirt Uachtarach i seacht gcinn de na cásanna sin nach raibh an bille ag luí leis an mBunreacht.

 

4. Cur chun feidhme Dhlí an Aontais Eorpaigh

Nós imeachta tagartha maidir le hAirteagal 267 

Tá ról ag an gCúirt Uachtarach i gcur chun feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh. Mar chúirt achomhairc dheiridh in Éirinn, tá sé d’oibleagáid air faoin gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ceisteanna a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le léirmhíniú ar dhlí an Aontais a thagann chun cinn i gcásanna os a comhair, i gcás nach bhfuil an léirmhíniú soiléir agus gur gá soiléiriú a dhéanamh chun go bhféadfaidh an Chúirt Uachtarach ceist a chinneadh os a comhair.