Languages

An Chúirt Uachtarach

Caidreamh Idirnáisiúnta

Caidreamh Idirnáisiúnta

Bíonn an Chúirt Uachtarach i dteagmháil go mór le cúirteanna Eorpacha agus idirnáisiúnta eile agus le roinnt líonraí agus comhlachtaí breithiúnacha.

Comhoibríonn an Chúirt Uachtarach le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) trí úsáid a bhaint as an réamhchóras tagartha dá bhforáiltear in Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Ciallaíonn sé sin, má thagann ceist maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais chun cinn i gcás os comhair na Cúirte Uachtaraí, nach mór don Chúirt an tsaincheist a tharchur chuig CBAE chun soiléiriú a fháil uirthi.

Is coiteann freisin do chúirteanna sinsearacha tíortha a bhfuil traidisiún dlíthiúil coiteann acu tagairt a dhéanamh do bhreithiúnais ó dhlínsí eile ina dtagann na saincheisteanna céanna nó saincheisteanna comhchosúla chun cinn. Tá breithiúnais den sórt sin áititheach seachas ceangailteach. Faoin Acht um Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine 2003, ní mór do chúirteanna in Éirinn aird a thabhairt ar dhlí-eolaíocht na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine in Strasbourg.

Lasmuigh de na bealaí foirmiúla dlíthiúla sin, tá méadú ag teacht freisin ar an gcomhar idir an Chúirt Uachtarach agus cúirteanna sinsearacha eile tríd an méid seo a leanas:

  • ballraíocht le líonraí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta,
  • cruinnithe déthaobhacha/rannpháirtíocht
  • cláir um malartú breithiúnach

Comhoibríonn an Chúirt Uachtarach go hidirnáisiúnta ar bhonn iltaobhach mar gheall ar a ballraíocht i roinnt líonraí agus eagraíochtaí a éascaíonn comhar le cúirteanna agus le hinstitiúidí i ndlínsí eile. Ní hionann na réimsí dlí a bhaineann le gach ceann de na heagraíochtaí sin ach tá sé mar aidhm choiteann acu fóram a chur ar fáil inar féidir le cúirteanna a bhfuil dlínse chomhchosúil acu teacht le chéile chun plé a dhéanamh ar a gcuid oibre, ar chineál a bhfeidhmeanna agus ar eagrú a gcóras agus chun idirphlé a chur chun cinn idir na cúirteanna sin.

I measc roinnt eagraíochtaí a bhfuil an Chúirt Uachtarach agus/nó an Príomh-Bhreitheamh ina bhall díobh, tá:

Bainteach leis an Aontas Eorpach:

  • Gréasán Uachtaráin Chúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha an Aontais Eorpaigh
  • Líonra Breithiúnach an Aontais Eorpaigh (arna oibriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh)
  • Comhlachas Chomhairlí Stáit agus Uas-Dlínsí Riaracháin an Aontais Eorpaigh (ACA-Europe)

Bainteach le Comhairle na hEorpa:

  • Comhairle Chomhpháirteach Choimisiún na Veinéise maidir le Ceartas Bunreachtúil
  • Comhdháil Dhomhanda ar Cheartas Bunreachtúil
  • Comhdháil na gCúirteanna Bunreachtúla Eorpacha
  • Líonra na nUaschúirteanna (arna oibriú ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine)

Eile:

  • Cumann Idirnáisiúnta na nDlínsí Riaracháin Uachtaracha

Tá roinnt socruithe seanbhunaithe ag an gCúirt Uachtarach agus ag breithiúna sinsearacha le breithiúna i ndlínsí áirithe eile faoina socraítear cruinnithe déthaobhacha. Tugann siad seo deis naisc láidre a choinneáil le comhghleacaithe breithiúnacha, eolas agus taithí phraiticiúil a mhalartú, agus ábhair leasa choitinn a phlé.

Le déanaí, d’óstáil Cúirt Uachtarach na hÉireann Uachtarán agus baill na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine i mBaile Átha Cliath ar chlár breithiúnach le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Choiste Airí Chomhairle na hEorpa.

Tá breithiúna ar mhalartuithe breithiúnacha/intéirneachtaí á n-óstáil ag an gCúirt Uachtarach le blianta fada anuas. Eagraítear iad sin faoi choimirce Ghréasán Uachtaráin Chúirteanna Breithiúnacha Uachtaracha an Aontais Eorpaigh agus ACA-Europe.