Languages

An Chúirt Uachtarach

Foireann Tacaíochta

Foireann Tacaíochta

Faigheann an Chúirt Uachtarach tacaíocht ó na hoifigí agus na comhlachtaí seo a leanas agus a cuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aici.

Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí

Is post reachtúil é post Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí. Tá maoirseacht agus rialú ag an gCláraitheoir ar Oifig na Cúirte Uachtaraí agus tá sé freagrach don Phríomh-Bhreitheamh as gnó na Cúirte a dhéantar san Oifig. Tá sé faoi réir threoir ghinearálta na Seirbhíse Cúirteanna freisin maidir le hábhair a bhaineann le riarachán ginearálta. Is é an tUas John Mahon an Cláraitheoir.

Oifig na Cúirte Uachtaraí

Cuireann Oifig na Cúirte Uachtaraí tacaíocht riaracháin agus clárlainne ar fáil don Chúirt Uachtarach. Tá oifig phoiblí aici ina gcomhdaítear cáipéisíocht a bhaineann le hachomhairc agus iarratais ar chead achomhairc. Faigheann an Cláraitheoir tacaíocht ó Chláraitheoir Cúnta agus seachtar ball foirne breise.

Ceanglaítear leis na Rialacha Cúirte go n-ullmhófar gach iarratas, achomharc agus ní eile os comhair na Cúirte Uachtaraí lena n-éisteacht nó lena gcinneadh ar bhealach atá cóir, gasta, agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí a íoslaghdú. I ndáil leis sin, tá an Oifig agus a foireann freagrach as na feidhmeanna seo a leanas:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chomhdúcháin agus ar dhoiciméid maidir le comhlíonadh rialacha agus chleachtas na Cúirte;
  • Bainistiú a dhéanamh ar iarratais ar chead achomhairc agus achomhairc chun a chinntiú go ndéantar dul chun cinn cothrom agus éifeachtúil orthu;
  • Iarratais agus achomhairc le haghaidh éisteachta a liostú;
  • Cinntí agus breithiúnais na Cúirte a eisiúint agus a fhoilsiú;
  • Orduithe ón gCúirt a dhréachtú agus a thabhairt chun críche;
  • Téacs an Bhunreachta ina bhfuil leasuithe (de réir Airteagal 25.5.2° den Bhunreacht) agus Achtanna rollaithe an Oireachtais (de réir Airteagal 25.4.5° den Bhunreacht) a chlárú;
  • Próiseáil a dhéanamh ar iarratais a bheidh le ceapadh mar nótaire poiblí nó mar choimisinéir mionnaí;
  • Sínithe nótairí nó coimisinéirí ar dhoiciméid dhlíthiúla atá le húsáid in Éirinn nó i ndlínsí eile a fhíordheimhniú; agus
  • Tacú le feidhmeanna prótacail lena n-áirítear an Príomh-Bhreitheamh do mhionnú breithiúna nua agus glaonna chuig Barra na hÉireann.

Oifig an Phríomh-Bhreitheamh

Tá Oifig an Phríomh-Bhreithimh freagrach as seirbhísí tacaíochta breithiúnacha a sholáthar don Chúirt Uachtarach. Áirítear ar na seirbhísí tacaíochta sin:

  • Tacaíocht a sholáthar don Phríomh-Bhreitheamh lena fheidhmeanna bunreachtúla, reachtúla agus ceannaireachta eile;
  • Cúntóirí breithiúnacha, rúnaithe agus uiséirí do sholáthar tacaíochta dlí, riaracháin agus cúirte do chomhaltaí na Cúirte Uachtaraí;
  • Tacaíocht rúnaíochta do bhoird, cruinnithe agus meithleacha faoi stiúir an Phríomh-Bhreithimh;
  • Cláir chumarsáide, for-rochtana agus oideachais a sholáthar don Chúirt Uachtarach;
  • Obair chaidrimh idirnáisiúnta na Cúirte Uachtaraí a chomhordú; agus
  • Socruithe prótacail agus eagrúcháin a dhéanamh d'imeachtaí agus do shearmanais a bhaineann leis an gCúirt Uachtarach.

Reáchtálann an tSeirbhís Chúirteanna comórtais oscailte rialta chun cúntóirí breithiúnacha a earcú. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Cúntóirí Breithiúnacha agus Uiséirí

Faigheann breithiúna na Cúirte Uachtaraí tacaíocht ó chúntóirí breithiúnacha agus ó líon beag uiséirí. Cuireann cúntóirí breithiúnacha cúnamh taighde dhlíthiúil agus cúnamh praiticiúil ar fáil, cuidíonn siad le breithiúnais a phrofléamh, agus ullmhaíonn siad achoimrí breithiúnais sula dtugtar iad. Soláthraíonn uiséirí cúnamh cúirte agus cúnamh praiticiúil do chomhaltaí na Cúirte Uachtaraí.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin obair a dhéanann Cúntóirí Breithiúnacha, féach “Lá i saol cúntóra bhreithiúnaigh de chuid na Cúirte Uachtaraí” i dTuarascáil Bhliantúil na Cúirte Uachtaraí 2021 anseo.

Reáchtálann an tSeirbhís Chúirteanna comórtais oscailte rialta chun Cúntóirí Breithiúnacha a earcú. Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Oibríochtaí na Cúirte Uachtaraí

Déanann Stiúrthóireacht Oibríochtaí na nUaschúirteanna maoirseacht ar sholáthar tacaíochta riaracháin agus oibríochta don Chúirt Uachtarach, don Chúirt Achomhairc agus don Ard-Chúirt. Tá an Stiúrthóireacht freagrach freisin as na hoifigí a ghabhann leis na cúirteanna sin agus as an bhfoireann a bhaineann le gach oifig, lena n-áirítear Oifig na Cúirte Uachtaraí agus Oifig an Phríomh-Bhreithimh.

An tSeirbhís Cúirteanna

Is fostaithe de chuid na Seirbhíse Cúirteanna iad an fhoireann go léir a thacaíonn leis an gCúirt Uachtarach, arb í an ghníomhaireacht neamhspleách reachtúil í atá freagrach as riarachán agus bainistiú na gcúirteanna go léir in Éirinn. Bunaithe de bhun an Achta um Sheirbhís Chúirteanna 1998, bainistíonn an tSeirbhís Chúirteanna gach gné de ghníomhaíochtaí cúirte seachas feidhmeanna breithiúnacha agus riar an cheartais, ar ábhair iad a bhaineann leis na breithiúna amháin.