Languages

An Chúirt Uachtarach

Nótairí Poiblí

Nótáirí Poiblí

Próiseas Ceapacháin

Ceapann an Príomh-Bhreitheamh Nótairí Poiblí agus é ina shuí i gcúirt oscailte. Déantar iarratais trí achainí ina dtaispeántar áit chónaithe agus áitiú an achainígh, agus a oiriúnacht le bheith ceaptha mar nótaire poiblí. Ba chóir go mbeadh ráiteas san achainí go bhfuair an t-achainíoch deimhniú ó Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn i gcomhréir le forálacha Ordú 127 de Rialacha na nUaschúirteanna.

Ní mór an achainí a fhíorú le mionnscríbhinn an achainígh. Ba cheart deimhniú nó deimhnithe oiriúnachta arna síniú go ginearálta ag seisear ball de ghairm an dlí agus ag seisear ceannairí ón bpobal gnó áitiúil a thaispeáint sa mhionnscríbhinn.

Tugtar an achainí os comhair an Phríomh-Bhreithimh trí fhógra tairisceana nach mór a sheirbheáil trí Oifig na Cúirte Uachtaraí ar:

  • Chláraitheoir Dhámh na Nótairí Poiblí in Éirinn
  • Rúnaí an Dlí-Chumann

Féadfaidh abhcóide nó aturnae an achainí a thairiscint thar ceann an achainígh nó féadfaidh an t-achainíoch é féin a thairiscint.

Is é an cleachtas ginearálta ná aturnaetha a cheapadh mar nótairí poiblí amháin. Nuair a dhéanann duine nach aturnae iad iarratas, ní mór dóibh gealltanas a thabhairt don Phríomh-Bhreitheamh gan gabháil do thíolacadh nó d’obair dhlíthiúil a dhéanann aturnae go cuí.

Taillí

  1. Achainí €85.00
  2. Mionnscríbhinn €20.00
  3. Fógra Foriarratais €60.00
  4. Ar Fhógra Foriarratais a Thaisceadh €6.50
  5. Gach cóip a sheirbheáil €1.00
  6. Ar coimisiún (más é go bhfuil an t-iarratas rathúil) €330.00