Cothabháil a Thuiscint

Socruithe cothabhála a dhéanamh

trí phríomhbhealach inar féidir leat socrú cothabhála a dhéanamh:

  • Comhaontú cothabhála deonach. Is é seo nuair a dhéanann an bheirt agaibh comhaontú scríofa neamhfhoirmiúil gan eadránaí, aturnaetha ná breitheamh a bheith páirteach ann.
  • Comhaontú cothabhála deonach lena n-úsáidtear idirghabháil nó cúnamh dlí. Is é seo nuair a iarrann an bheirt agaibh ar idirghabhálaí gairmiúil nó ar bhur n-aturnaetha féin chun cabhrú libh comhaontú scríofa a dhéanamh.
  • Ordú cothabhála. Is é seo nuair nach féidir leis an mbeirt agaibh aontú agus iarrann sibh ar bhreitheamh téarmaí an tsocraithe a chinneadh.

Féadfaidh sibh aon cheann de na socruithe sin a leasú má thagann athrú ar bhur gcúinsí pearsanta nó airgeadais.

Ní féidir le comhaontuithe cothabhála deonacha nó neamhfhoirmiúla a chur as an áireamh go bhféadfaí iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú cothabhála amach anseo.

Méideanna íocaíochta cothabhála

Féadfaidh sibh cinneadh a dhéanamh teacht ar chomhaontú le chéile maidir leis an méid cothabhála atá le híoc. De rogha air sin, féadfaidh sibh a iarraidh ar bhreitheamh cinneadh a dhéanamh. Cé nach bhfuil aon fhoirmle dhlíthiúil ann chun méideanna íocaíochta cothabhála a ríomh, breithneoidh breitheamh an méid seo a leanas maidir leis an dá pháirtí:

  • Ioncam amhail ioncam ó fhostaíocht, sochair leasa shóisialaigh, nó foinsí eile.
  • Sócmhainní amhail talamh, réadmhaoin, feithiclí, nó sócmhainní eile.
  • Caiteachas amhail billí tí, aisíocaíochtaí iasachta, na costais a bhaineann le leanaí a thógáil, nó costais eile atá agat.
  • Tacaíochtaí do dhaoine eile amhail íocaíochtaí cothabhála do leanaí cleithiúnacha eile.

Tá breitheamh faoi cheangal dlí freisin ag teorainneacha atá leagtha síos ar an méid is féidir a ordú.

Mar shampla, sa Chúirt Dúiche:

  • Ní féidir le breitheamh a ordú ach go n-íocfaí uasmhéid de €500 sa tseachtain le céile agus suas le huasmhéid de €150 sa tseachtain in aghaidh an linbh.
  • Is é an íocaíocht chnapshuime is airde is féidir a ordú ná €15,000.

Cuimhnigh, má sháraíonn íocaíochtaí cothabhála a comhaontaíodh i gcomhaontú deonach nó comhaontú eadrána na teorainneacha sin, nach féidir Riail Chúirte a dhéanamh den chomhaontú sin sa Chúirt Dúiche. Ní mór iarratais ar íocaíochtaí cothabhála níos airde a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda. I gcúinsí eisceachtúla, féadfaidh sé go mbeidh tú in ann iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt.

Comhaontú cothabhála deonach

Is féidir leat socruithe tacaíochta airgeadais neamhfhoirmiúla a dhéanamh gan aturnae ná an chúirt a bheith páirteach. Tugtar comhaontú cothabhála deonach scríofa air sin. Leis sin, aontaítear an méid cothabhála a íocfar agus an tréimhse ama a íocfar é. Cuirfidh sé riachtanais agus caiteachais an dá pháirtí san áireamh.

Rudaí ar cheart smaoineamh fúthu:

Sula ndéantar comhaontú cothabhála deonach a tharraingt suas, tá roinnt rudaí a d'fhéadfadh go mbeidh ort a ríomh maidir le bhur gcúinsí, mar shampla:

  • Costais mhaireachtála reatha
  • Acmhainní airgeadais nó ioncam, amhail tuilleamh reatha, tuilleamh féideartha amach anseo agus sócmhainní arna sealbhú
  • Oibleagáidí airgeadais, amhail cothabháil do chleithiúnaithe ó chaidreamh eile
  • Na costais a bhaineann le leanbh cleithiúnach a thógáil

Leis an gcomhaontú sin, b'fhéidir go roghnófá doiciméad scríofa a chur ar fáil ina leagtar amach na téarmaí atá comhaontaithe ag gach duine. Is féidir Riail Chúirte a dhéanamh den doiciméad sin. Ciallaíonn sé sin go gcaitear leis mar an gcéanna le hordú cothabhála agus gur féidir é a fhorfheidhmiú go dlíthiúil mar a dhéantar le hordú cothabhála.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche nó chuig an gCúirt Chuarda chun Riail Chúirte a dhéanamh de do chomhaontú. Tá an próiseas mar an gcéanna le hiarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála. Déanfaidh an breitheamh do chomhaontú a bhreithniú sa chúirt agus cinnfidh sé/sí an bhfuil sé cothrom agus laistigh de dhlínse na cúirte.

Tabhair faoi deara: tá teorainneacha dlíthiúla ag an gCúirt Dúiche ar an méid cothabhála is féidir a íoc. Má sháraíonn íocaíochtaí cothabhála a comhaontaíodh i gcomhaontú deonach nó comhaontú eadrána na teorainneacha sin, ní féidir Riail Chúirte a dhéanamh den chomhaontú sin sa Chúirt Dúiche. Ní mór iarratais ar íocaíochtaí cothabhála níos airde a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an Ard-Chúirt.

Comhaontú deonach trí eadráin nó cúnamh dlí a úsáid

Is éard is eadráin ann ná nuair a chabhraíonn eadránaí atá oilte go gairmiúil libh teacht ar shocruithe neamhfhoirmiúla airgeadais agus ar shocruithe neamhfhoirmiúla tacaíochta eile. Féadfaidh saincheisteanna amhail coimeád leanaí, rochtain nó caomhnóireacht a bheith clúdaithe. Is féidir ábhair amhail pinsin agus réadmhaoin a bheith clúdaithe freisin.

De rogha air sin, is féidir le d'aturnae féin atá oilte go gairmiúil cabhrú libh teacht ar chomhaontú. Clúdóidh cúnamh dlí mar sin na saincheisteanna agus na hábhair chéanna i bpróiseas cosúil le hidirghabháil.

Cibé bealach a roghnaíonn tú, cuirfear doiciméad scríofa ar fáil ina leagfar amach na téarmaí atá comhaontaithe ag gach duine. Is féidir Riail Chúirte a dhéanamh den doiciméad sin. Ciallaíonn sé sin go gcaitear leis mar an gcéanna le hordú cothabhála agus gur féidir é a fhorfheidhmiú go dlíthiúil mar a dhéantar le hordú cothabhála.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche nó chuig an gCúirt Chuarda chun Riail Chúirte a dhéanamh de do chomhaontú.

Tabhair faoi deara: tá teorainneacha dlíthiúla ag an gCúirt Dúiche ar an méid cothabhála is féidir a íoc. Má sháraíonn íocaíochtaí cothabhála a comhaontaíodh i gcomhaontú deonach nó comhaontú eadrána na teorainneacha sin, ní féidir Riail Chúirte a dhéanamh den chomhaontú sin sa Chúirt Dúiche. Ní mór iarratais ar íocaíochtaí cothabhála níos airde a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an Ard-Chúirt.

Tuilleadh eolais maidir le headráin agus cúnamh dlí >

Ordú cothabhála

Mura féidir leis an mbeirt agaibh teacht ar chomhaontú, is féidir le ceachtar páirtí iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála. Is ordú cúirte é sin a dhéanann breitheamh ina leagtar amach téarmaí tacaíochta airgeadais don iarratasóir agus/nó d'aon leanaí cleithiúnacha. Is éard is leanbh cleithiúnach ann ná leanbh:

  • atá faoi bhun 18 mbliana d'aois, nó
  • atá os cionn 18 mbliana d'aois agus faoi bhun 23 bliana d'aois ach atá fós in oideachas lánaimseartha nó a bheadh in oideachas lánaimseartha dá ndéanfaí ordú cothabhála chun tacú leis/léi, nó
  • d'aois ar bith agus a bhfuil míchumas meabhrach nó coirp air/uirthi sa mhéid nach féidir leis/léi aire a thabhairt dó/di féin.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le hordú cothabhála, breithneoidh breitheamh an méid seo a leanas maidir leis an dá pháirtí:

  • Ioncam amhail ioncam ó fhostaíocht, sochair leasa shóisialaigh, nó foinsí eile.
  • Sócmhainní amhail talamh, réadmhaoin, feithiclí, nó sócmhainní eile.
  • Caiteachas amhail billí tí, aisíocaíochtaí iasachta, na costais a bhaineann le leanaí a thógáil, nó costais eile atá agat.
  • Tacaíochtaí do dhaoine eile amhail íocaíochtaí cothabhála do leanaí cleithiúnacha eile.

Déantar formhór na n-iarratas ar orduithe cothabhála chuig an gCúirt Dúiche. Is féidir cothabháil a lorg freisin mar chuid d'iarratas ar chaomhnóireacht leanaí nó ar rochtain leanaí.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda nó chuig an Ard-Chúirt ar chothabháil freisin. Is féidir déileáil le cothabháil freisin mar chuid d'imeachtaí dlí eile, amhail colscaradh nó idirscaradh breithiúnach.

Conas iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála >