Déantar formhór na n-iarratas ar chothabháil sa Chúirt Dúiche. Sa Chúirt Dúiche:
- Ní féidir le breitheamh a ordú ach go n-íocfaí uasmhéid de €500 sa tseachtain le céile agus suas le huasmhéid de €150 sa tseachtain in aghaidh an linbh.
- Is é an chnapshuim is airde is féidir a ordú ná €15,000.
Chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche tá roinnt céimeanna le glacadh. Baineann an t-eolas a chuirtear ar fáil anseo le hiarratais ar orduithe cothabhála nua chomh maith le hordú atá ann cheana a athrú nó a urscaoileadh, nó iarratas a dhéanamh ar Ordú Astaithe Tuillimh.
Ní ghearrann an tSeirbhís Chúirteanna táille as iarratais Dlí Teaghlaigh a dhéanamh. Ba cheart duit táillí a phlé le d'ionadaí dlíthiúil, nó le d'eadránaí má roghnaíonn tú a c(h)uid seirbhísí a úsáid.
Níl san eolas go léir ach treoir. Seiceáil reachtaíocht agus rialacha cúirte i gcónaí lena chinntiú go bhfuil d'iarratas ceart. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir. Má tá cónaí ar cheachtar agaibh nó má oibríonn ceachtar agaibh i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh gurb í Oifig Dlí Teaghlaigh Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath d'oifig áitiúil, ar a dtugtar Teach an Charnáin freisin. Is eisceacht air sin é má tá cónaí ort nó má oibríonn tú i gceantar atá clúdaithe ag Oifig Cúirte Dúiche Shoird agus Bhaile Brigín. Sa chás sin, d'fhéadfadh gurb í Oifig Cúirte Dúiche Shoird agus Bhaile Brigín d'oifig áitiúil.
Ní hionann an próiseas iarratais dóibh siúd atá ag déanamh iarratais i dTeach an Charnáin agus an próiseas don chuid eile den tír. Roghnaigh "Conas Iarratas a Dhéanamh (Teach an Charnáin)" don phróiseas sonrach maidir le Teach an Charnáin.
Aimsigh do cheantar Cúirte Dúiche áitiúil >
Aimsigh Oifig na Seirbhíse Cúirteanna is áitiúla duit anseo >
Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí
Féadfaidh tú féin agus an freagróir aontú ar an méid cothabhála atá le híoc. Déanfaidh breitheamh aon chomhaontú a bhreithniú mar chuid d'iarratas cúirte. Sula ndéanann tú iarratas chun na cúirte ar chothabháil, ba cheart duit smaoineamh ar eadráin agus cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle ghairmiúil dlí a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin.
Déan cinneadh maidir le suíomh na cúirte
Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig oifig na Cúirte Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir. Má tá iarratas á dhéanamh agat chun ordú a rinneadh sa Chúirt Dúiche a athrú nó a urscaoileadh, nó ar ordú astaithe tuillimh, ba chóir duit iarratas a dhéanamh san áit a rinneadh an t-ordú bunaidh.
Comhlánaigh an toghairm agus cuir isteach í
Chun iarratas a dhéanamh ar ordú cothabhála, beidh ort an páipéarachas riachtanach don iarratas a chomhlánú agus é seo a chur faoi bhráid oifig na cúirte.
Seirbheáil an toghairm agus soláthair cruthúnas ar sheirbheáil
Ní mór duit an toghairm a sheoladh chuig an bhfreagróir. Tugtar seirbheáil ar an bpróiseas sin. Beidh ort cruthúnas ar sheirbheáil a chur ar fáil don chúirt freisin. Déantar é sin trí dhearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála a chomhlánú.
Cuir doiciméid ar ais chuig oifig na cúirte
Ní mór duit an toghairm bhunaidh agus an dearbhú reachtúil i dtaobh seirbheála a chomhdú in oifig na cúirte. Má tá na doiciméid in ord, liostófar an toghairm don chúirt agus deimhneofar an éisteacht chúirte.
Freastail ar éisteacht chúirte
Ba chóir duit féin agus don fhreagróir freastal ar an gcúirt chun go n-éistfidh breitheamh an cás. Éistfidh an breitheamh fianaise ón mbeirt agaibh agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Tugtar ordú cúirte ar chinneadh an bhreithimh.
Faigh ordú cúirte
Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh tú féin (ar a dtugtar an creidiúnaí cothabhála freisin) agus an freagróir (ar a dtugtar an féichiúnaí cothabhála freisin) cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh.
Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí
Féadfaidh tú féin agus an freagróir aontú ar an méid cothabhála atá le híoc. Déanfaidh breitheamh aon chomhaontú a bhreithniú mar chuid d'iarratas cúirte. Sula ndéanann tú iarratas chun na cúirte ar chothabháil, ba cheart duit smaoineamh ar eadráin agus cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle ghairmiúil dlí a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin.
Cuir coinne in áirithe i dTeach an Charnáin
Má tá cónaí ar cheachtar agaibh nó má oibríonn ceachtar agaibh i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh gurb í d'oifig áitiúil Oifig Dlí Teaghlaigh Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Teach an Charnáin freisin. Beidh ort coinne a chur in áirithe ar líne ar dtús sula bhfreastalaíonn tú ar oifig na cúirte.
Freastail ar choinne i dTeach an Charnáin
Ag an gcoinne, rachaidh ball foirne in oifig na cúirte tríd an bpróiseas leat chun d'iarratas cothabhála a chomhlánú agus a chur isteach. Tá roinnt doiciméad ann freisin nach mór duit a chomhlánú roimh ré agus a thabhairt leat.