Dlí Teaghlaigh

Pléann an Dlí Teaghlaigh le raon roghanna dlí a bhaineann le cúrsaí teaghlaigh agus le cúrsaí baile. Áirítear leo sin idirscaradh agus colscaradh, cothabháil, socruithe do leanaí, agus foréigean baile. Cumhdaítear cúrsaí dlí amhail díolúintí maidir le fógra pósta agus aitheantas inscne leis freisin. Faigh tuilleadh eolais thíos faoin réimse iomlán ábhar agus faoin mbaint ar féidir a bheith acu leat.

Is féidir leat naisc a aimsiú le heolas faoi idirghabháil agus cúnamh dlí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta eile a d'fhéadfadh cabhrú leat le d'ábhar Dlí Teaghlaigh.

Tá nasc ann freisin lenár dtreoir maidir le hullmhú don chúirt Dlí Teaghlaigh. Ansin gheobhaidh tú eolas úsáideach agus físeáin chabhracha chun cabhrú leat ullmhú i gceart do do thuras ar an gcúirt.

Cúrsaí Dlí Teaghlaigh

Cúnamh a fháil

Físeán: Foghlaim Faoi Idirghabháil an Dlí Teaghlaigh

Soláthraíonn an físeán seo faisnéis faoi bhealach éifeachtach chun saincheisteanna Dlí Teaghlaigh a réiteach, ar a dtugtar idirghabháil.

Clúdaíonn sé na buntáistí a bhaineann le hidirghabháil a thriail, cad atá i gceist leis an bpróiseas idirghabhála, agus cá háit le teacht ar idirghabhálaí.
Soláthraíonn an físeán seo faisnéis faoi bhealach éifeachtach chun saincheisteanna Dlí Teaghlaigh a réiteach, ar a dtugtar idirghabháil.

Ag ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh

Preparing For Court

Foghlaim faoi cad a tharlaíonn roimh, le linn agus tar éis do chás Dlí Teaghlaigh a éisteacht. Leis an treoir seo agus lenár bhfíseáin chabhracha, rachfar tríd do lá sa chúirt leat

Treoir maidir le hullmhú don chúirt Dlí Teaghlaigh >

 

Físeán: Ag ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh

Leagtar amach san fhíseán seo conas ullmhú d'éisteacht chúirte sa Chúirt Dlí Teaghlaigh.

Clúdaítear leis conas do thuras a phleanáil, cén doiciméid a bhfuil ort a thabhairt, chomh maith le hábhair eile, cosúil le riachtanais inrochtaineachta.

Físeán: Ag Freastal ar d'éisteacht Dlí Teaghlaigh

 

Leagtar amach san fhíseán sin cad a tharlaíonn sa teach cúirte ar lá d'éisteachta cúirte.

Clúdaítear leis cad a bheidh le déanamh nuair a shroicheann tú, cé is féidir a bheith in éineacht leat, cá háit ar féidir feitheamh, agus leideanna cabhracha eile.