Ag ullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh

D'fhéadfadh strus a bheith ag baint leis an tréimhse roimh chás cúirte Dlí Teaghlaigh. Tá sé nádúrtha má mhothaíonn tú neamhchinnte. Tá sé réasúnta freisin a bheith imníoch faoi bheith i seomra cúirte nó faoi bheith ag labhairt le breitheamh, aturnae nó abhcóide.

Ar ndóigh, beidh go leor ceisteanna agat faoi cad a tharlaíonn roimh, le linn agus tar éis do chás a éisteacht. Rachaidh an treoir seo - agus ár bhfíseáin chabhracha - trí gach céim leat.

Cabhróidh siad sin leat ullmhú i gceart do chuairt ar an gcúirt.

Físeáin

Conas ullmhú le haghaidh d'Éisteacht Dlí Teaghlaigh

Tugtar breac-chuntas san fhíseán seo ar conas ullmhú d'éisteacht chúirte.

Clúdaítear leis conas do thuras a phleanáil, cén doiciméid a bhfuil ort a thabhairt, chomh maith le hábhair eile, cosúil le riachtanais inrochtaineachta.

Freastal ar an gCúirt Dlí Teaghlaigh

Leagtar amach san fhíseán sin cad a tharlaíonn sa teach cúirte ar lá d'éisteachta cúirte.

Pléitear ann cad atá le déanamh nuair a shroicheann tú an áit, cé atá in ann dul in éineacht leat, cá háit le fanacht, conas a ghlaoitear do chás, chomh maith le leideanna cabhracha eile.

Treoir maidir leis an Rannán Teacht Orainn

Déanann an físeán gearr seo cur síos ar conas ár leathanach um shonraí teagmhála Teacht Orainn a úsáid.

De rogha air sin, tá treoir scríofa ann.