Seirbheáladh Doiciméid Orm

Seirbheáladh Doiciméid Orm

Má seirbheáladh toghairm um fhoréigean baile ort, ciallaíonn sé sin go bhfuil duine eile ag déanamh iarratais chun na cúirte ar ordú um fhoréigean baile.

seirbheáladh ordú um fhoréigean baile ort, ciallaíonn sé sin bhfuil duine eile tar éis freastal ar an gcúirt cheana féin agus go bhfuil ordú um fhoréigean baile déanta ag breitheamh.

I gcásanna áirithe, d'fhéadfaí toghairm foréigean baile agus ordú um fhoréigean baile a sheirbheáil ort ag an am céanna.

Tugtar an t-iarratasóir ar an duine a rinne iarratas chun na cúirte. Glaoitear an freagróir ortsa.

Tuilleadh eolais faoi fhoréigean baile >

Seirbheáladh toghairm orm

 

Má seirbheáladh toghairm ort, ciallaíonn sé sin bhfuil duine eile tar éis iarratas ar ordú um fhoréigean baile a dhéanamh chun na cúirte. D'fhéadfadh an duine sin a bheith ina c(h)éile reatha nó iarchéile, ina p(h)áirtí sibhialta, ina (h)iar-dhlúthpháirtí, nó ina t(h)uismitheoir eile ar do leanbh/leanaí.

Ciallaíonn sé freisin go bhfuil ordú á thabhairt duit teacht i láthair sa chúirt chun go ndéanfaidh an breitheamh cinneadh ar an iarratas. Inseofar sa toghairm duit dáta, am agus áit na héisteachta cúirte don iarratas ar fhoréigean baile.

Ba chóir duit an toghairm agus aon doiciméid atá san áireamh a léamh go han-chúramach. Inseofar duit sa toghairm cad a bhfuil iarratas á dhéanamh ag an duine eile air. Féadfaidh sé/sí a bheith ag cur isteach ar na nithe seo a leanas:

  • Ordú Sábháilteachta
  • Ordú Urchoisc
  • An dá rud

Nuair a bheidh an méid atá sa toghairm léite agus tuigthe agat, is iad seo a leanas na chéad chéimeanna eile atá le déanamh agat:

 

1) Smaoinigh ar chomhairle dlí agus ar sheirbhísí tacaíochta

 

Is féidir le cinntí Dlí Teaghlaigh tionchar a imirt ar nithe amhail socruithe do do leanaí, cothabháil, áras an teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair sin. Cé nach féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna comhairle a thabhairt nó ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine sa chúirt, is féidir linn a chur in iúl duit gur chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh sna seirbhísí a chuireann ionadaí dlíthiúil ar fáil. Ba cheart dó/di:

  • comhairle a thabhairt duit faoi do chearta dlíthiúla
  • do pháipéarachas a ullmhú agus a chomhdú
  • labhairt ar do shon sa chúirt

Is féidir leat cinneadh a dhéanamh ionadaíocht a dhéanamh duit féin i d'ábhar Dlí Teaghlaigh. Má dhéanann tú cinneadh ionadaíocht a dhéanamh duit féin, beidh ort nósanna imeachta cúirte a thuiscint.

Tuilleadh eolais ar chomhairle dlí agus ionadaíocht >

Tuilleadh eolais ar sheirbhísí tacaíochta >

 

2) Freastail ar an éisteacht chúirte

 

Inseofar dáta agus am na héisteachta cúirte don iarratas ar ordú um fhoréigean baile duit sa toghairm.

  • Ní mór duit a bheith i láthair sa chúirt ar an dáta agus ag an am a tugadh.
  • Táthar ag súil go bhfreastalóidh an t-iarratasóir ar an éisteacht sin.
  • Is féidir leis an mbeirt agaibh fianaise a thabhairt. Ciallaíonn sé sin go mbeidh ort mionn a ghlacadh agus eolas ábhartha a thabhairt faoin iarratas.
  • Féadfar croscheistiú a dhéanamh. Ciallaíonn sé sin ceisteanna a fhreagairt ón duine eile. Déanfaidh an breitheamh cinneadh maidir le conas a dhéanfar é sin. Féadfaidh sé/sí cead a thabhairt don duine eile ceisteanna a chur go pearsanta, nó féadfaidh sé/sí a roghnú gan cead a thabhairt ach d'aturnae nó d'abhcóide na ceisteanna sin a chur.

Ag an éisteacht, féadfaidh an breitheamh cinneadh a dhéanamh:

  • Ordú a dheonú agus a théarmaí agus coinníollacha a leagan amach. Déanfaidh sé/sí cinneadh freisin maidir le cé chomh fada is a mhairfidh an t-ordú.
  • An t-ordú a dhiúltú. Ciallaíonn sé sin nach ndeonaíonn sé/sí an t-ordú a ndearna an t-iarratasóir iarratas air tar éis dó/di an fhianaise a éisteacht.
  • An t-iarratas a chur ar atráth. Ciallaíonn sé sin cinneadh maidir le hiarratas a chur siar go dáta níos déanaí.
  • An t-iarratas a scriosadh amach. Ciallaíonn sé sin iarratas a dhíbhe nó a chur ar ceal go buan. D'fhéadfadh sé seo tarlú mura ndéanann an t-iarratasóir nó an t-aturnae é/í féin a láithriú sa chúirt. Ciallaíonn sé freisin go gcuirtear aon orduithe cosanta gaolmhara, amhail Ordú Cosanta nó Ordú Urchoisc Eatramhach, ar ceal freisin agus nach bhfuil siad i bhfeidhm a thuilleadh.

3) Tar éis na héisteachta cúirte

 

Má dheonaítear ordú cúirte:

  • Gheobhaidh tú féin agus an t-iarratasóir cóip den ordú.
  • Seolfaidh oifig na cúirte cóip chuig an nGarda Síochána dá dtaifid.

Is cion coiriúil é ordú foréigean baile a shárú. Is féidir fíneáil, príosúnacht, nó an dá rud a ghearradh má sháraítear ordú.

Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta le cinneadh an bhreithimh. Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh, ní mór duit do dhoiciméid achomhairc a chomhdú laistigh de cheithre lá dhéag ón éisteacht chúirte.

Tuilleadh eolais maidir le hachomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Dúiche >

 

Seirbheáladh ordú orm

Is cosaintí cúirte iad orduithe um fhoréigean baile. Déanann breitheamh iad agus tagann siad le horduithe nó treoracha sonracha. Tugann cuid acu ordú do dhuine a bhfuil iompar drochídeach curtha ina leith stop a chur le tuilleadh gníomhartha nó bagairtí d'iompar foréigneach a dhéanamh. Tugann cinn eile ordú don duine sin imeacht - agus fanacht amach - uait nó ó leanaí cleithiúnacha agus ón teach. Féadfaidh coinníollacha eile a bheith san áireamh iontu freisin.

Tá cúig chineál éagsúla d'ordú baile ann:

  • Ordú Cosanta
  • Ordú Sábháilteachta
  • Ordú Urchoisc
  • Ordú Urchoisc Eatramhach
  • Ordú Urchoisc Éigeandála

Déantar formhór na n-iarratas ar orduithe sa Chúirt Dúiche. Déantar cuid acu sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt, áfach. Is minic a bhaineann siad sin le cásanna eile amhail colscaradh nó idirscaradh breithiúnach.

Tuilleadh eolais ar Orduithe um Fhoréigean Baile >

Má seirbheáladh ordú um fhoréigean baile ort, tugtar an freagróir ort. Tugtar an t-iarratasóir ar an duine a deonaíodh an t-ordú.

Ba chóir duit an t-ordú agus aon doiciméid eile atá san áireamh a léamh go han-chúramach. Beidh eolas san ordú faoi cad is gá duit a dhéanamh. Inseofar duit freisin cé chomh fada is a bheidh t-ordú i bhfeidhm.

Ní mór duit géilleadh don ordú cúirte. Is cion coiriúil é ordú foréigean baile a shárú agus is féidir é a bheith inphionóis le fíneáil, príosúnacht, nó an dá rud.

Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta le cinneadh an bhreithimh. Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh ordú a rinne breitheamh den Chúirt Dúiche, ní mór duit do dhoiciméid achomhairc a chomhdú laistigh de cheithre lá dhéag ón éisteacht.

Tuilleadh eolais faoi achomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Dúiche>

Más mian leat achomharc a dhéanamh in aghaidh ordú a rinne breitheamh den Chúirt Dúiche, ní mór duit do dhoiciméid achomhairc a chomhdú laistigh de dheich lá ón éisteacht.

Tuilleadh eolais maidir le hachomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Cuarda>

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gcúirt freisin chun an t-ordú a athrú nó a urscaoileadh.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chuid roghanna.

Tuilleadh eolais maidir le comhairle dlí agus ionadaíocht >