Achomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Cuarda

Mura bhfuil tú sásta le hordú a rinneadh sa Chúirt Chuarda, tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh ar an ordú sin nó iarratas a dhéanamh go ndéanfaí athbhreithniú air. Braitheann sé sin ar cé acu Cláraitheoir Contae nó Breitheamh Cúirte Cuarda a rinne an t-ordú.

Má rinne Cláraitheoir Contae an t-ordú, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig Breitheamh Cúirte Cuarda chun athbhreithniú a dhéanamh ar an ordú.

Más Breitheamh Cúirte Cuarda a rinne an t-ordú, is féidir leat achomharc a dhéanamh ar an ordú chuig an Ard-Chúirt.

Athbhreithniú a dhéanamh ar Ordú a rinne Cláraitheoir Contae

Mura bhfuil tú sásta le hordú a rinne an Cláraitheoir Contae, is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig Breitheamh den Chúirt Chuarda chun athbhreithniú a dhéanamh ar an ordú sin. Déanann tú é sin trí Fhógra Foriarratais a sheirbheáil agus a chomhdú le hathbhreithniú a dhéanamh ar an ordú. Ní mór duit an Fógra Foriarratais sin a sheirbheáil agus a chomhdú laistigh de dheich lá ón dáta a rinneadh an t-ordú. Éistfidh an Breitheamh Cúirte Cuarda d'iarratas agus déanfaidh sé/sí cinneadh ina leith.

Achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar Ordú a rinne Breitheamh na Cúirte Cuarda

Mura bhfuil tú sásta le hOrdú a rinne Breitheamh na Cúirte Cuarda, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar an gcinneadh sin. Eisceacht amháin a bhaineann leis sin ná i gcás inar ndearnadh ordú na Cúirte Cuarda de bhun achomhairc ón gCúirt Dúiche.

Maidir le cúrsaí Dlí Teaghlaigh, mura n-ordaíonn breitheamh den Chúirt Chuarda a mhalairt, ní fheidhmíonn achomharc mar bhac ar ordú na Cúirte Cuarda. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh tú géilleadh d'ordú na Cúirte Cuarda go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an Ard-Chúirt maidir le d'achomharc.

Tugtar an tAchomharcóir ar an duine a dhéanann achomharc ar ordú ón gCúirt Chuarda. Tugtar an freagróir ar an bpáirtí eile. Ní mór don Achomharcóir Fógra Achomhairc a sheirbheáil agus a thaisceadh san Oifig Chúirte ábhartha laistigh de 10 lá ón dáta a rinneadh Ordú nó breithiúnas na Cúirte Cuarda.

Má tá an tréimhse 10 lá caite, féadfaidh an t-achomharcóir beartaithe iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar shíneadh ama chun achomharc a chomhdú. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit fógra foriarratais agus mionnscríbhinn forais a chomhdú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte chun iarratas a dhéanamh chuig Máistir na hArd-Chúirte chun síneadh a chur leis an tréimhse ama chun an t-achomharc a thaisceadh.

Leagtar amach sna céimeanna thíos na céimeanna ginearálta a bhaineann le hachomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte. Níl san eolas go léir ach treoir. Seiceáil reachtaíocht agus rialacha cúirte i gcónaí lena chinntiú go bhfuil d'achomharc ceart. Tá an próiseas achomhairc iomlán leagtha amach in Ordú 61 de Rialacha na nUaschúirteanna. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Ordú 61 de Rialacha na nUaschúirteanna >

Smaoinigh ar chomhairle dlí a fháil

Is féidir le hachomhairc Dlí Teaghlaigh tionchar a imirt ar rudaí amhail socruithe do do leanaí, cothabháil, áras an teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Bíodh a fhios agat cá háit le d'Fhógra Achomhairc a chomhdú

Braitheann an áit ar cheart duit d'Fhógra Achomhairc a chomhdú ar an áit a ndearnadh an t-ordú Cúirte Cuarda, agus ar cibé ar tugadh fianaise ó bhéal agus an cás á chinneadh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Comhlánaigh Fógra Achomhairc

Ní mór duit an fhoirm um Fhógra Achomhairc a íoslódáil agus a chomhlánú. Mura féidir leat an fhoirm a íoslódáil, is féidir leat ceann a iarraidh ó oifig na cúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Seirbheáil an Fógra Achomhairc

Nuair a bheidh an Fógra Achomhairc comhlánaithe agus sínithe agus dátaithe agat, ní mór duit cóip a chur ar fáil d'aon pháirtí eile a ndéanann an Fógra Achomhairc difear dó/di. Tugtar seirbheáil air sin. Ciallaíonn sé sin na páirtithe a chur ar an eolas go bhfuil achomharc á dhéanamh agat chuig an Ard-Chúirt ar ordú na Cúirte Cuarda.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freastail ar éisteacht achomhairc na hArd-Chúirte

Ba chóir don achomharcóir agus don fhreagróir/do na freagróirí freastal ar ionad na cúirte ar an dáta a thugann oifig na cúirte. Éisteacht i gcúirt iata a bheidh san éisteacht chúirte, rud a chiallaíonn go mbeidh sí ar siúl go príobháideach.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Déanann an breitheamh cinneadh

Tar éis an cás a éisteacht, déanfaidh an breitheamh cinneadh ar a dtugtar ordú cúirte nó breithiúnas. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an achomharc, beidh aon teorainneacha dlínse a bhíonn i bhfeidhm sa Chúirt Chuarda i bhfeidhm san Ard-Chúirt freisin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >