Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 1
Smaoinigh ar chomhairle dlí a fháil

Is féidir le hachomhairc Dlí Teaghlaigh tionchar a imirt ar rudaí amhail socruithe do do leanaí, cothabháil, áras an teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair sin. Cé nach féidir leis an tSeirbhís Chúirteanna comhairle a thabhairt nó ionadaíocht a dhéanamh do dhaoine sa chúirt, is féidir linn a chur in iúl duit gur chóir go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh sna seirbhísí a chuireann ionadaí dlíthiúil ar fáil. Ba cheart dó/di:

  • comhairle a thabhairt duit faoi do chearta dlíthiúla
  • míniú conas a d'fhéadfadh sibh teacht ar chomhaontú
  • do pháipéarachas a ullmhú agus a chomhdú
  • labhairt ar do shon sa chúirt

Is féidir leat cinneadh a dhéanamh ionadaíocht a dhéanamh duit féin i d'ábhar dlí teaghlaigh. Má dhéanann tú cinneadh ionadaíocht a dhéanamh duit féin, beidh ort nósanna imeachta cúirte a thuiscint.

Tuilleadh eolais maidir le comhairle dlí agus ionadaíocht >