Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 5
Freastail ar Éisteacht Chúirte

Ba chóir don achomharcóir agus don fhreagróir/do na freagróirí freastal ar ionad na cúirte ar an dáta a thugann oifig na cúirte.

Má tá d'achomharc le héisteacht lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, féadfaidh sé go mbeidh ort freastal ar chúirt an Chláraitheora Contae roimh éisteacht iomlán an achomhairc. Ag an gcúirt sin, cinnfidh an Cláraitheoir Contae an dáta agus an t-ionad ina n-éistfear d'achomharc san Ard-Chúirt.

Éisteacht i gcúirt iata a bheidh san éisteacht Achomhairc Ard-Chúirte, rud a chiallaíonn go mbeidh sí ar siúl go príobháideach.

  • Mura bhfreastalaíonn an t-achomharcóir ar an gcúirt, féadfaidh an breitheamh an t-achomharc a scriosadh amach. Ciallaíonn sé sin nach rachaidh an t-achomharc ar aghaidh agus go bhfanfaidh ordú na Cúirte Cuarda i bhfeidhm.
  • Mura bhfreastalaíonn freagróir ar an gcúirt, féadfar ordú a dhéanamh agus é/í as láthair.
  • Má éistear an cás, beidh ar an achomharcóir agus ar an bhfreagróir/na freagróirí a gcásanna a chur i láthair. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a lorg. Mura bhfuil aturnae agat, beidh ort eolas a bheith agat ar phróiseas na cúirte.

Tuilleadh eolais maidir le hullmhú don Chúirt Dlí Teaghlaigh >