Conas Iarratas a Dhéanamh

Céim 6
Déanann an Breitheamh Cinneadh

Tar éis an cás a éisteacht, déanfaidh an breitheamh cinneadh ar a dtugtar ordú cúirte nó breithiúnas. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an achomharc, beidh aon teorainneacha dlínse a bhíonn i bhfeidhm sa Chúirt Chuarda i bhfeidhm san Ard-Chúirt freisin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na cumhachtaí céanna ag an Ard-Chúirt agus atá ag an gCúirt Chuarda agus an t-achomharc á éisteacht.

Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh na hArd-Chúirte. Ní féidir achomharc a dhéanamh air.

Má theastaíonn cóip den ordú cúirte uait, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig chúirte inar chomhdaigh tú d'fhógra achomhairc.