Tabhair Freagra ar Bhille Sibhialta

Tá bille sibhialta Colscartha faighte agam. Cad is brí leis sin?

Má fuair tú páipéir Cholscartha, ciallaíonn sé go bhfuil iarratas déanta ag do chéile chuig na cúirteanna ar ordú Colscartha. Tugtar an t-iarratasóir ar an duine a rinne an t-iarratas, do chéile, agus tugtar an freagróir ortsa.

Ba chóir go mbeadh na doiciméid seo a leanas faighte agat ó do chéile:

  • Cóip den Bhille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh. Is é sin an doiciméad iarratais don bhreitheamh cúirte. Beidh sonraí ann faoin bpósadh agus leagfar amach ann freisin na horduithe is mian leis an iarratasóir a dhéanamh sa chúirt.
  • Cóip de "Mhionnscríbhinn Acmhainne" do chéile. Is ráiteas é sin ina leagtar amach cúinsí airgeadais an iarratasóra.
  • Cóip de "Mhionnscríbhinn Leasa" do chéile (má tá leanaí cleithiúnacha den phósadh ann). Is ráiteas é sin a bhaineann le leas aon leanaí cleithiúnacha den phósadh.
  • Foirm 37D (Má tá ionadaíocht á déanamh ag aturnae do do chéile). Is doiciméad é sin ina luaitear gur cuireadh an t-iarratasóir ar an eolas faoi eadráin. Ní mór d'aturnae an iarratasóra é sin a shíniú agus a chur isteach má tá aturnae fostaithe aige/aici chun ionadaíocht a dhéanamh dó/di.
  • Aon doiciméad eile a chomhdaigh do chéile ag an am a eisíodh an Bille Sibhialta um an Dlí Teaghlaigh. D'fhéadfadh orduithe cúirte roimhe sin nó aon chomhaontú idirscartha a bheith i gceist leis sin. Beidh sé sin éagsúil ó chás go cás.

Rudaí ar cheart smaoineamh fúthu

Ba chóir duit na doiciméid go léir a fuair tú a léamh go cúramach sula dtugann tú freagra.

Is féidir le colscaradh tionchar a imirt ar rudaí amhail socruithe do do leanaí, cothabháil, áras an teaghlaigh, airgead, sócmhainní agus pinsin.

Tuilleadh eolais maidir le colscaradh >

Beidh ort cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle dlí ghairmiúil a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin. D'fhéadfá smaoineamh ar fhreastal ar eadráin freisin.

Tuilleadh eolais faoi eadráin agus cúnamh dlí >

Cad atá le déanamh agam anois?

Is féidir leat níos mó a fhoghlaim faoin bpróiseas colscartha iomlán trí chuairt a thabhairt ar ár dtreoir céim ar chéim. Is féidir leat na chéad chéimeanna eile duit a thuiscint chomh maith. Tá eolas ar conas is féidir leis an bhfreagróir freagra a thabhairt ag céim 4 den treoir.

Treoir iomlán colscartha céim ar chéim >

Céim 4: Freagraíonn an freagróir >