Idirscaradh Breithiúnach

Cad is Foraithne Idirscartha Bhreithiúnaigh ann?

Is éard is Foraithne Idirscartha Bhreithiúnaigh ann ná ordú cúirte a dhéanann breitheamh ina leagtar amach na téarmaí nach gcónaíonn sibh le chéile fúthu mar lánúin phósta a thuilleadh.

Ní cheadaítear duit athphósadh le hidirscaradh breithiúnach.

Agus orduithe um idirscaradh breithiúnach á ndéanamh ag breitheamh, ní mór don bhreitheamh sin a chinntiú go ndéantar soláthar cuí duit féin, do do chéile nó do do pháirtí agus do do leanaí cleithiúnacha. Déanfaidh an breitheamh aon chomhaontuithe a dtagann tú orthu agus aon orduithe cúirte atá ann cheana féin a bhreithniú.

Is féidir le hidirscaradh breithiúnach tionchar a imirt ar roinnt de do chúinsí agus d'fhéadfadh sé a bheith casta. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

An féidir liom idirscaradh breithiúnach a fháil?

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar idirscaradh breithiúnach sna cásanna seo a leanas:

  1. Tá cónaí ort in Éirinn
    • Ní mór cónaí a bheith ort féin nó ar do chéile go buan in Éirinn.
    • Bhí tú i do chónaí in Éirinn ar feadh na tréimhse bliana, ar a laghad, sula ndearna tú an t-iarratas.
  2. Déanann ceann amháin nó níos mó de na ráitis seo a leanas cur síos ar do phósadh:
    • Tá adhaltranas déanta agat féin nó ag do chéile nó do pháirtí.
    • Tá duine agaibh tar éis é/í féin a iompar ar bhealach go mbeadh sé míréasúnta a bheith ag súil go leanfadh an bheirt agaibh ag maireachtáil le chéile.
    • Bhí sibh in bhur gcónaí ar leithligh óna chéile ar feadh bliana ar a laghad tráth an iarratais. I measc lánúineacha a chónaíonn ar leithligh óna chéile, féadfar lánúineacha a chónaíonn sa teach céanna lena chéile ach nach bhfuil ina gcónaí le chéile i ndlúthchaidreamh tiomanta a bheith san áireamh. Ní thagann deireadh le dlúithe i gcaidreamh díreach toisc nach bhfuil caidreamh gnéis ann a thuilleadh.
    • Ní raibh gnáthchaidreamh pósta idir tú féin agus do chéile le bliain ar a laghad roimh dháta an iarratais.

Idirscaradh Breithiúnach a Thuiscint

Agus orduithe um idirscaradh breithiúnach á ndéanamh ag breitheamh, ní mór don bhreitheamh sin a chinntiú go ndéantar soláthar cuí duit féin, do do chéile agus d'aon leanaí cleithiúnacha. Ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh an breitheamh imthosca uile an phósta a bhreithniú agus go mbeidh sé mar aidhm aige/aici cinntí cothroma a dhéanamh a fhreastalaíonn ar riachtanais gach duine.

Is iad seo a leanas na príomhrudaí a dhéanfaidh an breitheamh a bhreithniú:

  • Airgeadas reatha agus airgeadas amach anseo de do chuid agus de chuid do chéile nó do pháirtí.
  • An caighdeán maireachtála a bhí ag an teaghlach sular cuireadh deireadh leis an bpósadh.
  • Do riachtanais chóiríochta agus riachtanais chóiríochta do chéile/pháirtí.
  • Leanaí an phósta.
  • Cearta aon duine eile a ndéanann an t-idirscaradh breithiúnach difear dó/di.

    Déanfaidh an breitheamh freisin aon chomhaontuithe a dtagann sibh orthu agus aon orduithe cúirte atá ann cheana féin a bhreithniú.

Tuilleadh eolais maidir le hIdirscaradh Breithiúnach a thuiscint >

Conas iarratas a dhéanamh?

Agus iarratas á dhéanamh agat ar idirscaradh breithiúnach, tá an próiseas cúirte cosúil le hiarratas a dhéanamh ar cholscaradh. Chun tuilleadh eolais agus treorach a fháil, tabhair cuairt ar an leathanach um an próiseas colscartha. Beidh ort a chinntiú go bhfuil d'iarratas cúirte ar idirscaradh breithiúnach ceart. B'fhéidir go mbeidh ort an reachtaíocht agus rialacha na Cúirte Cuarda a léamh freisin.