Languages

An Chúirt Uachtarach

Próiseas Achomhairc / Cinneadh an Iarratais

Cinneadh an Iarratais

Ar na doiciméid ábhartha a fháil, tagann painéal de thriúr breithiúna den Chúirt Uachtarach le chéile chun a mheas ar comhlíonadh an tairseach bhunreachtúil maidir le cead achomhairc a thabhairt (mar a leagtar amach in Airteagal 34.5 den Bhunreacht).

Éisteann an Chúirt Uachtarach le hachomhairc ó bhreitheanna na Cúirte Achomhairc nuair is deimhin léi:

  • go mbaineann tábhacht phoiblí ghinearálta leis an gcinneadh, agus/nó
  • ar mhaithe leis an gceartas, is gá achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí.

Féadfaidh an Chúirt Uachtarach achomhairc ó bhreitheanna na hArd-Chúirte a éisteacht freisin i gcás inar deimhin léi go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a fhágann gur gá achomharc díreach a dhéanamh chuici, is réamhchoinníoll chun gur deimhin leis an gCúirt amhlaidh ceachtar de na tosca seo a leanas nó iad araon a bheith ann:

  • go mbaineann tábhacht phoiblí ghinearálta leis an gcinneadh, agus/nó
  • go bhfuil sé ar mhaithe leis an gceartas.

Cé go go seoltar formhór na n-éisteachtaí go poiblí, déantar breithniú ar iarratais ar chead chun achomharc a dhéanamh go príobháideach de ghnáth. Déanann na breithiúna athbhreithniú ar na doiciméid a comhdaíodh agus eisíonn siad cinneadh i scríbhinn ina leagtar amach ar deonaíodh nó ar diúltaíodh cead achomhairc, agus má deonaíodh é, maidir leis na saincheisteanna. Scaiptear an cinneadh ansin ar na páirtithe lena mbaineann sula bhfoilsítear ar líne é.

Is féidir teacht ar chinntí na Cúirte Uachtaraí anseo.