Languages

An Chúirt Uachtarach

Próiseas Achomhairc / Breithiúnas

Breithiúnas na Cúirte a thabhairt

Déantar an cinneadh ar tháinig an Chúirt Uachtarach air a fhoirmliú i mbreithiúnais scríofa (cé is moite de bhreithiúnais a tugadh ex tempore) ina leagtar amach na cúiseanna leis an achomharc a cheadú nó a dhíbhe. Is féidir le gach breitheamh a mbreithiúnas ar leithligh féin a thabhairt agus féadfaidh roinnt breithiúnas comhaontaithe (breithiúnais a bhfuil an chonclúid chéanna acu) a bheith ina dtromlach le chéile.

Féadfaidh breitheamh nach n-aontaíonn le breith na Cúirte an rud ar a dtugtar breithiúnas easaontach a thabhairt. De rogha air sin, féadfaidh an Chúirt breithiúnas aonair a ullmhú, a bhfuil comhaltaí uile an phainéil tar éis rannchuidiú leis. Nuair a tharlaíonn sé sin, cuirtear an breithiúnas i leith na Cúirte ina hiomláine agus is é an coinbhinsiún don bhreitheamh is sinsearaí ar an bpainéal (ar a dtugtar an breitheamh ceannais) an breithiúnas a thabhairt thar ceann chomhaltaí eile na Cúirte.

Nuair a bhíonn an breithiúnas i scríbhinn/na breithiúnais i scríbhinn réidh le tabhairt, tionóltar an Chúirt, agus tugtar a cinneadh sa chúirt i láthair na bútithe. Tugtar éifeacht fhoirmiúil don bhreith le hordú ón gCúirt. Is í an Chúirt a chinnfidh ansin aon chostais nó saincheisteanna eile a eascraíonn as an mbreithiúnas.

Chomh maith lena scaipeadh ar na páirtithe, uaslódálfar an breithiúnas/na breithiúnais a tugadh chuig an suíomh gréasáin seo. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 i leith, tá nóta faisnéise foilsithe freisin ina ndéantar achoimre ar na saincheisteanna a breithníodh agus ar an gcinneadh ar tháinig an Chúirt orthu. Is chun críocha faisnéise amháin an achoimre seo agus ní airbheartaíonn sí a bheith ina léirmhíniú ar chinneadh na Cúirte.

Is féidir teacht ar chinntí na Cúirte Uachtaraí anseo.