Éisteacht Ó Bhéal
Ag an an éisteacht ó bhéal, leithdháiltear am ar an dá thaobh chun a gcuid argóintí faoi seach a dhéanamh. Téann an t-iarratasóir (ar a dtugtar ‘an t-achomharcóir’ ag an gcéim seo) ar dtús agus ansin leanann an freagróir é. Ag deireadh argóintí an fhreagróra ó bhéal, bíonn deis ag an achomharcóir freagra a thabhairt ar na hargóintí sin. Is minic a chuirfidh na breithiúna a éisteann an t-achomharc ceisteanna le linn na héisteachta ó bhéal..
Nuair a thagann sé sin i gcrích, is iondúil go bhforchoimeádann an Chúirt Uachtarach a breithiúnas, rud a chiallaíonn go gcuireann an Chúirt in iúl nach dtabharfaidh sí a cinneadh ansin agus ansin, ach go ndéanfaidh sí amhlaidh níos déanaí. Ó am go chéile, tugann an Chúirt Uachtarach breithiúnas díreach tar éis na héisteachta – breithiúnas ex-tempore a thugtar air seo.