Ón seachtain 02/09/2024, tá Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath ag déanamh meastóireachta ar iarratais a fuarthas ar 18/07/2024.

Probháid

Is é is probháid ann ná an ceart dlíthiúil chun déileáil le maoin, airgead agus sealúchais duine éigin (ar a dtugtar a ‘n-eastáit’) nuair a fhaigheann siad bás.

Ní féidir ach le daoine áirithe cur isteach ar phrobháid. Braitheann cé atá in ann iarratas a dhéanamh ar cibé ar fhág nó nár fhág an duine a fuair bás uacht i bhfeidhm.

Má tá uacht ann, féadfaidh an seiceadóir atá ainmnithe inti iarratas a dhéanamh. Mura bhfuil uacht ann, féadfaidh an neasghaol is gaire iarratas a dhéanamh.

Nuair a dhéantar an t-iarratas, eisítear doiciméad ar a dtugtar Deonú Ionadaíochta.

Ligeann sé seo don seiceadóir (nó an neasghaol is gaire) eastát an duine a fuair bás a dháileadh.

Déan teagmháil linn

An Oifig Phrobháide

Seoladh: An 1ú hUrlár, Teach an Fhionnuisce, 15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7. D07 X028
Uimhir Theileafóin: +353 1 888 6174
Seoladh Ríomhphoist: [email protected]


Bailiúchán Bosca Seachadta: Tá an bailiúchán deireanach ón mbosca seachadta ag 3pm. Déileálfar le haon pháipéir a thaiscfear tar éis an ama sin mar pháipéir a chomhdófar an lá oibre dár gcionn.