Céim 2 - Iarratas a chur isteach
Is féidir iarratais ó aturnaetha a sheachadadh de láimh chuig an Oifig Phrobháide nó a sheoladh tríd an bpost Rianaithe DX/Cláraithe. Braitheann an Oifig Phrobháide is gá duit a úsáid ar an áit ar chónaigh an duine éagtha ar dháta an bháis.
- Má chónaigh an duine éagtha i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, na Mí nó Chill Mhantáin: ní mór duit d'iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath.
- Má chónaigh an duine éagtha in aon chontae eile laistigh de Phoblacht na hÉireann: is féidir leat d'iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath nó chuig Clárlann Phrobháide Cheantair an chontae ina raibh cónaí ar an duine éagtha.
- Más rud é gur chónaigh an duine éagtha lasmuigh de Phoblacht na hÉireann: ní mór duit d'iarratas comhlánaithe a chur isteach chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath.
Ní mór an táille riachtanach agus an fhoirm um Fhógra Admhála ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur san áireamh i ngach iarratas a sheachadtar chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Phrobháide Ceantair.
Mír | Táille |
---|---|
I gcás nach mó glanluach an eastáit ná: | |
€100,000 | €100 |
€250,000 | €200 |
€500,000 | €350 |
€750,000 | €500 |
€1,000,000 | €650 |
I gcás inar mó glanluach an eastáit ná €1,000,000: | |
(i) don chéad €1,000,000 | €650 |
(ii) do gach €500,000, nó cuid de thar luach €1,000,000 | €400 |
Deonú Ionadaíochta Dúbailte, Scor, Neamhriartha nó Dúblach | €150 |
Iarratais De Bonis Non | €150 |