Iarratas aturnae

Céim 2 - Iarratas a chur isteach

Is féidir iarratais ó aturnaetha a sheachadadh de láimh chuig an Oifig Phrobháide nó a sheoladh tríd an bpost Rianaithe DX/Cláraithe. Braitheann an Oifig Phrobháide is gá duit a úsáid ar an áit ar chónaigh an duine éagtha ar dháta an bháis. 

  • Má chónaigh an duine éagtha i gcontaetha Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, na Mí nó Chill Mhantáin: ní mór duit d'iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath. 
  • Má chónaigh an duine éagtha in aon chontae eile laistigh de Phoblacht na hÉireann: is féidir leat d'iarratas comhlánaithe a sheoladh chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath nó chuig Clárlann Phrobháide Cheantair an chontae ina raibh cónaí ar an duine éagtha. 
  • Más rud é gur chónaigh an duine éagtha lasmuigh de Phoblacht na hÉireann: ní mór duit d'iarratas comhlánaithe a chur isteach chuig Oifig Phrobháide Bhaile Átha Cliath. 

Ní mór an táille riachtanach agus an fhoirm um Fhógra Admhála ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur san áireamh i ngach iarratas a sheachadtar chuig an Oifig Phrobháide nó chuig an gClárlann Phrobháide Ceantair. 

MírTáille
I gcás nach mó glanluach an eastáit ná: 
€100,000€100
€250,000€200
€500,000€350
€750,000€500
€1,000,000€650
I gcás inar mó glanluach an eastáit ná €1,000,000:

(i) don chéad €1,000,000€650
(ii) do gach €500,000, nó cuid de thar luach €1,000,000 €400
Deonú Ionadaíochta Dúbailte, Scor, Neamhriartha nó Dúblach€150
Iarratais De Bonis Non €150