Tá seirbhís ghiúiré ar cheann de na dualgais is tábhachtaí is féidir a iarraidh ort a dhéanamh mar shaoránach Éireannach. Tá seirbhís ghiúiré ann chun cearta an duine aonair a chosaint agus chun páirt a thabhairt don phobal i riaradh an cheartais.
Cé is moite de roinnt eisceachtaí, is féidir le haon duine a chúisítear i gcion coiriúil tromchúiseach triail ghiúiré a roghnú. Déantar roinnt cásanna sibhialta a thriail le giúiréithe freisin (amhail cásanna clúmhillte nó díobhála pearsanta). Tugann giúiré, atá comhdhéanta de 12 ghiúróir, fíorasc bunaithe ar an bhfianaise a thugtar i gcás cúirte.
Tá sé i gcroílár ár gcóras ceartais in Éirinn agus tá sé ar cheann de na traidisiúin is sine atá againn freisin.