Cé ar Cheart Duit a Bheith Ag Súil Leo Taobh Istigh de Sheomra na Cúirte

I bhformhór na gcásanna, ní cheadófar ach iad siúd a bhfuil baint acu leis an gcás isteach i seomra na cúirte. Ciallaíonn sé sin de ghnáth an t-iarratasóir agus an freagróir, chomh maith lena n-aturnaetha agus abhcóidí.

Uaireanta d'fhéadfadh an breitheamh cead a thabhairt do dhaoine eile a bheith i láthair. D'fhéadfadh taighdeoirí ceadaithe nó baill den phreas a bheith i gceist leo sin. D'fhéadfadh go n-áireofaí leo freisin daoine a chinneann an breitheamh a bheith oiriúnach don éisteacht cáis, mar shampla, oibrithe tacaíochta foréigean baile. Ceadaítear tuarascálacha ar chásanna dlí teaghlaigh a fhoilsiú i gcúinsí áirithe. Ní úsáidtear aon ainmneacha, seoltaí ná aon sonraí eile a d'fhéadfadh aon duine a bhfuil baint acu leis an gcás a aithint, áfach.

Cé ar cheart duit a bheith ag súil leo taobh istigh de sheomra na cúirte

Taispeánann an léaráid cé leis ar chóir duit a bheith ag súil a fheiceáil i seomra na cúirte.

Courtroom Diagram

 

 

Déan na teidil thíos a mhéadú chun níos mó a fhoghlaim faoi gach ceann acu.

1. An Breitheamh

Tá an breitheamh i gceannas ar d'éisteacht chúirte. Níl aon ghiúiré i gcásanna Dlí Teaghlaigh. Is é an breitheamh amháin a dhéanann an cinneadh. Gléasann breithiúna go foirmiúil agus suíonn siad ag a mbinse féin ag barr sheomra na cúirte. Téann siad isteach agus fágann siad seomra na cúirte trí dhoras ar leith in aice lena mbinse.

2. An Cláraitheoir Cúirte

Suíonn an Cláraitheoir Cúirte os comhair an bhreithimh. Cabhraíonn siad leis an mbreitheamh le cúrsaí riaracháin agus tá siad i gceannas ar dhoiciméid chúirte agus ar fhianaise. Is é an Cláraitheoir Cúirte a chuireann na finnéithe faoi mhionn. Déanfaidh siad taifead freisin ar chinneadh nó ar thoradh an cháis.

3. Finné

Suíonn an finné ar thaobh amháin den bhreitheamh agus tugann sé/sí fianaise sa chúirt. D'fhéadfaí an t-iarratasóir nó an freagróir i gcás a ghlaoch chuig clár na mionn chun fianaise a thabhairt le linn na héisteachta. D'fhéadfaí finnéithe eile a ghlaoch freisin ar féidir leo eolas breise a chur ar fáil do chás a d'fhéadfadh cabhrú leis an mbreitheamh teacht ar chinneadh.

4. Iarratasóir/Freagróir

Is é an t-iarratasóir in éisteacht an duine a thionscain nó a thosaigh an cás Dlí Teaghlaigh. Is é an freagróir an duine a bhfuil cás tosaithe ina (h)aghaidh ag an iarratasóir. Suífidh an t-iarratasóir agus an freagróir ag taobhanna éagsúla de sheomra na cúirte. Mura bhfuil ionadaíocht dhlíthiúil ag an iarratasóir nó ag an bhfreagróir, labhróidh siad go díreach leis an mbreitheamh.

5. Aturnae

D'fhéadfadh cásanna áirithe Dlí Teaghlaigh cúram leanaí a bheith casta ó thaobh an dlí de. I gcásanna den sórt sin, féadfaidh an t-iarratasóir agus/nó an freagróir aturnae a bheith i láthair le haghaidh a (h)éisteachta. Déanfaidh an t-aturnae an cás a shonrú dá c(h)liant don bhreitheamh agus tabharfaidh sé/sí breac-chuntas ar na cinntí atá á lorg ag a c(h)liant.

6. Abhcóide

Féadfaidh abhcóide ionadaíocht a dhéanamh don iarratasóir agus/nó don fhreagróir le haghaidh a (h)éisteachta freisin. Sa chás go bhfuil aturnae agus abhcóide i láthair do cheachtar páirtí, déanfaidh an t-abhcóide an cás a shonrú don bhreitheamh thar ceann a c(h)liant.

7. Ateangaire (nach dtaispeántar sa léaráid)

D'fhéadfadh cliaint nó finnéithe nach bhfuil an Béarla nó an Ghaeilge (teangacha oifigiúla na cúirte) mar chéad teanga acu a éileamh go mbeadh ateangaire i láthair ag an éisteacht. Aistreoidh ateangaire an méid atá á rá ag an mbreitheamh chuig an gcliant nó chuig an bhfinné. Aistreoidh sé/sí an méid atá á rá ag an gcliant nó ag an bhfinné chuig an mbreitheamh freisin.

8. Cúntóir don Bhreitheamh (nach dtaispeántar sa léaráid)

Féadfaidh cúntóir a bheith ag an mbreitheamh sa chúirt lá na héisteachta. Caitheann siad gúna dubh de ghnáth. Chomh maith le dualgais eile, is minic a fhógraíonn cúntóir an bhreithimh teacht agus imeacht an bhreithimh ó sheomra na cúirte. De ghnáth déanfaidh siad é sin tríd an treoir 'éirígí in bhur seasamh' a thabhairt. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh gach duine seasamh suas nuair a thagann an breitheamh isteach nó nuair a fhágann sé/sí an seomra. Tarlaíonn sé sin chun meas a thaispeáint don bhreitheamh agus don dlí féin.


Ceisteanna Coitianta

Cad é an gnás feistis don seomra cúirte?

Níl aon ghnás feistis ar leith ann. Mar sin féin, is iondúil go mbíonn daoine gléasta mar a dhéanfaidís le haghaidh agallamh poist.

Cad a thugaim ar an mbreitheamh?

Tugann tú 'Breitheamh' air/uirthi. Níor chóir duit labhairt ach amháin nuair a iarrann an breitheamh ort labhairt.

Cé a bheidh i láthair?

Chun eolas a fháil faoi cé a bheidh ann agus cad iad na róil atá acu, féach ar léaráid sheomra na cúirte.

An gceadaítear fóin phóca sa chúirt?

Ní cheadaítear. Déan cinnte le do thoil go bhfuil d'fhón póca múchta nó balbhaithe sula dtéann tú isteach i seomra na cúirte.

Cá háit ar cheart dom suí?

Nuair a théann tú isteach i seomra na cúirte, taispeánfaidh an breitheamh nó an cláraitheoir duit cá háit ar cheart duit suí.