Cad a Tharlaíonn i Seomra na Cúirte

Cad ba cheart a bheith ag súil leis taobh istigh de sheomra na cúirte

Mura fhreastail tú ar éisteacht chúirte roimhe seo, d'fhéadfadh sé a bheith beagán bagrach.

Is timpeallachtaí foirmiúla iad seomraí cúirte, mar sin seans nach bhfuil taithí agat ar fhoirmiúlachtaí den sórt sin. Téigh i dtaithí ar na rudaí ar cheart agus nár cheart a dhéanamh, cad le bheith ag súil leis sa seomra cúirte agus cé a d'fhéadfadh a bheith ann. Leis sin, d'fhéadfadh sé a bheith níos éasca an méid atá ar siúl a thuiscint.

Conas tú féin a iompar i seomra cúirte

Mura raibh tú riamh i seomra cúirte, seo roinnt rudaí ar cheart agus nár cheart a dhéanamh ar chóir duit smaoineamh orthu.

RUDAÍ AR CHEART A DHÉANAMH

  • A bheith gléasta go cuí do thimpeallacht fhoirmiúil nó d'agallamh poist
  • Seas suas nuair a thagann an breitheamh isteach agus nuair a fhágann sé/sí seomra na cúirte
  • 'Breitheamh' a thabhairt ar an mbreitheamh
  • Seas suas agus tú ag labhairt leis an gcúirt
  • D'fhón póca a mhúchadh nó é a bhalbhú
  • Glac nótaí más gá

RUDAÍ NÁR CHEART A DHÉANAMH

  • Do ghlór a ardú i seomra na cúirte
  • Gléas móibíleach a úsáid
  • Bia a ithe i seomra na cúirte
  • Grianghraif, físeáin nó taifeadtaí fuaime a ghlacadh le linn d'éisteachta
  • Cur isteach ar dhaoine eile
  • Guma a chogaint

Ní bheifí ag súil go mbeadh foirmiúlachtaí uile an tseomra cúirte ar eolas agat. Tabharfar treoracha duit maidir le cad a bheidh le déanamh le linn an cháis. Mar shampla:

  • Inseoidh an breitheamh nó an cléireach duit cá háit le suí nuair a théann tú isteach i seomra na cúirte.
  • Má theastaíonn sos uait is féidir leat ceist a chur ar an mbreitheamh.
  • Tabharfaidh an breitheamh treoracha maidir le cathain is féidir le daoine labhairt. Má tá duine ag cur isteach air, ba ghnách don bhreitheamh a rá leis/léi go bhfaighidh sé/sí deis labhartha ina dhiaidh.

Cad ba cheart duit a bheith ag súil leis i seomra na cúirte

Éistear cásanna Dlí Teaghlaigh i gcúirt iata. Ciallaíonn sé seo go n-éistear iad go príobháideach chun príobháideacht an teaghlaigh a chosaint. chiallaíonn sé go ndéantar iad a scannánú, go ndéantar físeán díobh, nó go ndéantar iad a thaifeadadh.

Bíonn sé deacair uaireanta an teanga dlí a úsáidtear i seomra cúirte a thuiscint. Seo gluais téarmaí a d'fhéadfadh cabhrú le rudaí a mhíniú duit.

Má tá ionadaíocht á déanamh agat duit féin, beidh ort labhairt leis an mbreitheamh agus ceisteanna a fhreagairt tú féin.