Cad a Tharlaíonn nuair a Thagann Deireadh le hÉisteacht

Cad a tharlaíonn nuair a thagann deireadh le héisteacht

Nuair a bheidh d'éisteacht críochnaithe, inseoidh an breitheamh nó an cláraitheoir duit cathain is féidir leat seomra na cúirte a fhágáil.

Tar éis na héisteachta, tarlóidh na rudaí seo a leanas:

  • Déanfaidh an breitheamh fíricí uile do cháis a bhreithniú agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Tugtar ordúbreithiúnas ar an gcinneadh sin.
  • Seolfar cóip scríofa den ordú nó den bhreithiúnas chugat tríd an bpost tar éis na héisteachta.
  • Mura bhfuil tú sásta leis an ordú nó leis an mbreithiúnas, b'fhéidir go mbeidh tú in ann achomharc a dhéanamh chuig cúirt níos airde. Tá teorainneacha ama ann le haghaidh achomharc agus mar sin b'fhéidir gur mhaith gur leat comhairle dlí a fháil ó d'aturnae. De rogha air sin, is féidir leat labhairt le ball foirne de chuid na Seirbhíse Cúirteanna faoi sin.

Tabhair faoi deara: Is féidir le himeachtaí Dlí Teaghlaigh a bheith íogair agus corraitheach do gach duine lena mbaineann. Cuir aon bhall d'fhoireann na cúirte ar an eolas má theastaíonn tacaíocht uait chun seomra na cúirte a fhágáil.