Cad atá le déanamh ar an Lá

Bíodh a fhios agat cad ba cheart duit a bheith ag súil leis ar an lá

Má bhíonn a fhios agat cad ba cheart a bheith ag súil leis i dteach na cúirte, b'fhéidir go gcabhródh sé leat a bheith níos compordaí ar lá d'éisteachta cúirte. Bíonn amchlár ag tithe cúirte ach d'fhéadfadh moill a bheith orthu. Chun rudaí a dhéanamh gan stró duit féin agus do gach duine eile, molaimid duit an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Bíodh na doiciméid agus an t-aitheantas ceart réidh agat.
  • Bíodh uimhir do cháis ar eolas agat agus éist dá ghlaoch.
  • Bíodh a fhios agat cad is féidir agus nach féidir dul trí scagadh slándála.
  • Bí ar an eolas nach bhfuil sólaistí ar fáil i dtithe cúirte.

     

    Doiciméadú agus aitheantas a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait

    Déan cinnte go dtugann tú aon doiciméid a bhaineann le do chás leat. D’fhéadfadh go n-áireofaí na nithe seo a leanas leo:

  • D'iarratas cúirte, toghairm chúirteFógra Foriarratais. Tá dáta agus am d'éisteachta, an t-ionad agus eolas tábhachtach eile faoin gcás sa doiciméad seo. Coinnigh slán é.
  • Mionnscríbhinn Acmhainne, ráitis bhainc agus duillíní pá. D'fhéadfadh na doiciméid airgeadais sin agus doiciméid airgeadais den chineál céanna a bheith cabhrach do d'éisteacht nó do chás ar leith.
  • Aitheantas fótagrafach chun d'aitheantas a fhíorú sa chúirt, má iarrtar ort. D'fhéadfaí do phas, do cheadúnas tiomána nó do chárta seirbhísí poiblí a úsáid le haghaidh sin.

    Cuimhnigh nár chóir duit riamh doiciméid a roinnt nó a fhágáil le duine ar bith nach bhfuil baint aige/aici le do chás.

    Leid chabhrach: Coinnigh grianghraf de do dhoiciméad iarratais ar d'fhón.

     

    Nuair a shroicheann tú teach na cúirte

    Tá scagthástáil slándála i bhfeidhm ag tithe cúirte. Coigisteofar nithe a d'fhéadfaí a mheas a bheith contúirteach. gá duit seiceáil isteach ag an bhFáiltiú. Téigh go dtí an láthair feithimh agus éist le glaoch do cháis.

    Má tá aturnae agat, b'fhéidir gur mhaith leat am agus áit a eagrú chun bualadh leis/léi laistigh nó lasmuigh.

    Chun obair an lae a bhainistiú, déanann go leor cúirteanna glaoch rolla. Ciallaíonn sé sin go nglaofar ort chuig seomra na cúirte chun a fháil amach an bhfuil do chás réidh le dul ar aghaidh an lá sin nó nach bhfuil.

     

    Ag fanacht go nglaofar ar do chás

    Glaofar éisteachtaí dlí teaghlaigh de réir uimhir thagartha an cháis, d'inisealacha agus uimhir seomra cúirte. Bíodh uimhir do cháis in aice láimhe chun na sonraí sin a sheiceáil. D'fhéadfaí glaoch ar do chás thar chóras fógartha poiblí, nó d'fhéadfaí glaoch ort i bpearsa.

    • Ní bhíonn cásanna ar siúl de réir an sceidil i gcónaí, mar sin bí réidh le fanacht. Déan socruithe má bhíonn moill ar chúrsaí. Ní bhíonn cásanna ar siúl san ord céanna le liosta na cúirte i gcónaí. Má théann cásanna eile thar am, d'fhéadfadh sé nach n-éistfear d'éisteacht chúirte an lá a bhfreastalaíonn tú ar an gcúirt.
    • Níl uisce, bia ná sólaistí ar fáil i ngach áit feithimh sa teach cúirte, mar sin bí ullamh.
    •  

      Ag dul go dtí seomra na cúirte

      D'fhéadfadh níos mó ná seomra cúirte amháin a bheith in úsáid ar lá d'éisteachta. Chun do sheomra cúirte a aimsiú, lean comharthaíocht treorach nó cuir ceist ar bhall foirne de chuid na Seirbhíse Cúirteanna nó ar an nGarda Cúirte.

      I gcásanna áirithe, amhail foréigean baile, d'fhéadfá duine a thabhairt leat chun tacaíocht a thabhairt duit. Déanfaidh an breitheamh cinneadh an féidir leis an duine sin fanacht i seomra na cúirte le linn d'éisteachta.

    Físeán: Freastal ar an gCúirt Dlí Teaghlaigh

    Leagtar amach san fhíseán sin cad a tharlaíonn sa teach cúirte ar lá d'éisteachta cúirte. Pléitear ann cad atá le déanamh nuair a shroicheann tú an áit, cé atá in ann dul in éineacht leat, cá háit le fanacht, conas a ghlaoitear do chás, chomh maith le leideanna cabhracha eile.