Do Thuras chun na Cúirte a Phleanáil

 

Is féidir le lá i gcúirt Dlí Teaghlaigh a bheith strusmhar. Is fearr i gcónaí fios a bheith agat cá bhfuil teach na cúirte, conas dul ann, agus cé mhéad ama ba chóir duit a thabhairt duit féin le haghaidh taistil. Má bhíonn eolas agat faoi pháirceáil in aice láimhe nó faoi naisc iompair phoiblí, is féidir aon strus breise a bhaint freisin.

Is féidir leat do thuras a phleanáil leis na céimeanna cabhracha seo:

 

1. Aimsigh do theach cúirte

Beidh ainm do thí cúirte i do dhoiciméid chúirte, chomh maith le ham agus dáta d'éisteachta. Chun seoladh agus éirchód theach na cúirte a aimsiú, tabhair cuairt ar ár rannóg teacht orainn.

 

2. Bíodh a fhios agat conas teach na cúirte a shroicheadh

Anois go bhfuil a fhios agat cá bhfuil teach na cúirte suite, seo roinnt roghanna maidir leis an áit a bhaint amach.

    Leid chabhrach: Chun a chinntiú go bhfuil tú in am do d'éisteacht, bain úsáid as Google Maps chun amanna taistil a bhfuiltear ag súil leo a ríomh le haghaidh modhanna éagsúla iompair, lena n-áirítear siúl. Bain úsáid as Google Maps Street View chun dul i dtaithí ar thimpeallacht theach na cúirte

    3. Bíodh na háiseanna atá ar fáil ar eolas agat

     

    D'fhéadfadh riachtanais shonracha a bheith agat amhail rampa cathaoireacha rothaí, leithreas inrochtana nó teicneolaíocht éisteachta chúnta. Níl siad sin ag gach teach cúirte. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hoifig na cúirte.

    Níl bia ná sólaistí ar fáil i dtithe cúirte. Mar sin, bí ullamh.

    Cliceáil anseo chun a fháil amach cad atá ar fáil ag an teach cúirte a mbeidh tú ag freastal air.

    4. Déan gach socrú riachtanach roimh ré

    Ba chóir duit smaoineamh roimh ré freisin ar aon socruithe a d'fhéadfadh a bheith uait a dhéanamh. Tabhair am breise duit féin i gcónaí le haghaidh cúram leanaí, páirceála agus taistil.

    • Níl áiseanna cúram leanaí ar fáil in aon teach cúirte.
    • B'fhéidir nach rithfidh cásanna mar atá sceidealaithe nó san ord ina bhfuil siad liostaithe. D'fhéadfaí moill a chur orthu nó iad a chur siar go dtí lá eile freisin.

     

    Físeán: Conas ullmhú don chúirt Dlí Teaghlaigh

    Tugtar breac-chuntas san fhíseán seo ar conas ullmhú d'éisteacht chúirte. Clúdaítear leis conas do thuras a phleanáil, cén doiciméid a bhfuil ort a thabhairt, chomh maith le hábhair eile, cosúil le riachtanais inrochtaineachta.

    Físeán: Conas ár leathanach 'Teacht Orainn' a úsáid

    Déanann an físeán gearr seo cur síos ar conas ár leathanach um shonraí teagmhála Teacht Orainn a úsáid.

    De rogha air sin, tá treoir scríofa ann.

    Ceisteanna Coitianta

    Conas is féidir liom uaireanta oscailte theach na cúirte nó oifig na cúirte a sheiceáil?

    Tá gach uair oscailte teach cúirte agus oifige cúirte ar fáil ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Chúirteanna na hÉireann. Is féidir le huaireanta a bheith éagsúil ó shuíomh go suíomh.

    Cé leo ar cheart dom teagmháil a dhéanamh mura féidir liom cuimhneamh ar dháta nó am m'éisteachta?

    Déan teagmháil leis an oifig chúirte ábhartha. Cliceáil anseo chun na sonraí teagmhála a aimsiú.

    Maidir le cásanna Cuarda agus Ard-Chúirte, tá liostaí de chásanna atá le héisteacht sa dialann dlí ar shuíomh gréasáin Sheirbhís Chúirteanna na hÉireann.