Comhaontú Idirscartha

Cad is comhaontú idirscartha ann?

Más lánúin phósta nó páirtithe sibhialta sibh agus má tá cinneadh déanta agaibh gan cónaí in aontíos, is féidir libh téarmaí a chomhaontú maidir le conas a dhéanfaidh sibh é sin.

Síníonn an dá pháirtí an doiciméad ina leagtar amach an comhaontú sin agus tugtar Gníomhas Idirscartha air.

Is comhaontú é atá ceangailteach ó thaobh dlí. Is féidir leis na céilí nó na páirtithe idirbheartaíocht a dhéanamh ar théarmaí an doiciméid iad féin, nó is féidir an idirbheartaíocht sin a dhéanamh in eadráin nó le cabhair ó aturnaetha. Ní ordú cúirte é Gníomhas Idirscartha agus ní cheadaítear do cheachtar páirtí athphósadh leis.

Tuilleadh eolais maidir le cabhair a fháil chun teacht ar chomhaontú >

Rudaí le smaoineamh orthu agus sibh ag scaradh

Agus cinneadh á dhéanamh agat nó má aontaíonn tú scaradh ó do chéile nó ó do pháirtí, b'fhéidir go mbeidh ort smaoineamh ar chomhaontú a bhaint amach maidir le roinnt rudaí. Seo a leanas cuid de na rudaí is coitianta a dtagann daoine ar chomhaontú fúthu:

 

  • Socruithe do leanaí
  • Cothabháil
  • Teach an teaghlaigh
  • Airgead, sócmhainní agus pinsin

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist leis na saincheisteanna sin.