Cearta Caomhnóireachta

Is féidir le caomhnóireacht linbh a bheith uathoibríoch, trí chomhaontú idir an dá pháirtí nó trí chinneadh breithimh sa chúirt. Seo roinnt eolais ar gach ceann acu.

Caomhnóireacht uathoibríoch

D'fhéadfadh sé go bhfuil cearta caomhnóireachta uathoibríocha agat cheana féin. Ciallaíonn sé sin nach gá duit iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar chaomhnóireacht linbh. Tá cearta uathoibríocha ag na daoine seo a leanas:

  • Gach máthair bhreithe cibé acu an bhfuil sí pósta nó nach bhfuil. Ní athraíonn sé sin ach amháin má thugtar suas an leanbh le huchtú.
  • An bheirt tuismitheoirí pósta, tuismitheoirí linbh uchtaithe san áireamh. Tá feidhm leis sin is cuma má phósann an lánúin roimh bhreith an linbh nó ina dhiaidh sin. Ní athraíonn idirscaradh nó colscaradh an ceart uathoibríoch sin.
  • Tuismitheoir neamhphósta má raibh cónaí air/uirthi le máthair an linbh ar feadh dhá mhí dhéag as a chéile. Ní mór go n-áireofaí leis an tréimhse ama sin freisin trí mhí ar a laghad leis an máthair agus leis an leanbh tar éis bhreith an linbh. Ní mór do mháthair an linbh aontú ar an am a caitheadh in aontíos.

Caomhnóireacht trí chomhaontú

Is féidir le máthair a aontú gur féidir leis an tuismitheoir neamhphósta eile a bheith ina chaomhnóir.

Sa chás sin, ní mór don bheirt acu foirm dhearbhaithe reachtúil a shíniú. Má tá níos mó ná leanbh amháin ann, ba chóir foirm dhearbhaithe reachtúil ar leith a chomhlánú do gach leanbh.

Ní mór an dearbhú a shíniú i láthair Coimisinéir Mionnaí, Feidhmeannach Síochána, Nótaire Poiblí nó Cláraitheoir Seirbhíse um Chlárú Sibhialta. Is daoine iad sin atá údaraithe go dlíthiúil chun doiciméid thábhachtacha dlí a shíniú. Feidhmíonn roinnt aturnaetha mar choimisinéirí nó nótairí freisin. Is féidir leat a gcuid sonraí teagmhála a fháil trí chuardach ar líne a dhéanamh.

Is féidir leat cabhair a fháil chun teacht ar chomhaontú trí eadráin agus trí chomhairle dlí.

Tuilleadh eolais ar eadráin agus ar chúnamh dlí >

Caomhnóireacht thiomnachta

Is éard is "Caomhnóir Tiomnachta" ann ná caomhnóir a cheaptar trí uacht a dhéanamh. Is féidir le caomhnóir ar tuismitheoir an linbh é/í, nó a bhfuil coimeád an linbh aige/aici d'eisiamh na dtuismitheoirí, caomhnóir tiomnachta a cheapadh chun gníomhú mar chaomhnóir tar éis dó/di bás a fháil. Gníomhóidh aon chaomhnóir marthanach ansin i gcomhpháirt leis an gcaomhnóir nua.

Caomhnóireacht arna cinneadh ag an gcúirt

Mura bhfuil cearta uathoibríocha agat nó mura féidir libh teacht ar chomhaontú, is féidir leat iarratas ar chaomhnóireacht a dhéanamh chun na cúirte. Seo thíos samplaí de dhaoine ar gá dóibh iarratas a dhéanamh chun na cúirte. Seans go mbeidh tú féin i gcás ceannann céanna nó i gcás comhchosúil. Ní liosta uileghabhálach é seo.

Déantar formhór na n-iarratas cúirte chuig an gCúirt Dúiche. Is féidir iad a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda freisin mar chuid d'iarratas ar idirscaradh breithiúnach nó ar cholscaradh.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chás ar leith.

Tuismitheoir ach ní caomhnóir

Ní aontaíonn máthair an linbh gur cheart caomhnóir a dhéanamh díot

Sa chás sin, ní mór duit iarratas a dhéanamh chun na cúirte le bheith ceaptha mar chomhchaomhnóir an linbh. Tá feidhm aige sin freisin sa chás nach dtoilíonn an mháthair an fhoirm dhearbhaithe reachtúil a shíniú. Déanfaidh an breitheamh cinneadh maidir le cad is fearr do leas an linbh agus do leas na dtuismitheoirí.

Easaontaíonn máthair an linbh faoin fad ama a chaith sibh in bhur gcónaí le chéile nó ag tabhairt aire do leanbh

Mar an tuismitheoir eile, tá comhchaomhnóireacht uathoibríoch agat má raibh cónaí ort le máthair an linbh ar feadh dhá mhí dhéag as a chéile. Ní mór go n-áireofaí leis an tréimhse ama sin freisin trí mhí ar a laghad leis an máthair agus leis an leanbh tar éis bhreith an linbh. Má tá aon easaontas ann faoin fad ama a caitheadh ag comhchónaí nó ag tabhairt aire don leanbh, is féidir leat a iarraidh ar bhreitheamh cinneadh a dhéanamh maidir le do chearta.

Tugtar iarratas ar dhearbhú go bhfuil nó nach bhfuil duine ina c(h)aomhnóir air sin.

Leastuismitheoir, páirtí sibhialta agus comhchónaitheoir

Féadfaidh leastuismitheoir, páirtí sibhialta nó duine a bhí ina c(h)ónaí le tuismitheoir ar feadh trí bliana ar a laghad iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht chun na cúirte. Ní mór dó/di cruthúnas a thaispeáint go bhfuil sé/sí ina c(h)omhthuismitheoir ag an leanbh le breis agus dhá bhliain.

Daoine fásta eile

Is féidir le duine atá tar éis cúram laethúil an linbh a sholáthar ar feadh tréimhse leanúnach níos mó ná bliain amháin iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht freisin. Tá feidhm aige sin sa chás nach bhfuil aon tuismitheoir nó caomhnóir ag an leanbh atá toilteanach nó in ann cearta agus freagrachtaí caomhnóra a fheidhmiú.

Sa chás nach bhfuil aon chaomhnóir ag leanbh, is féidir le duine nó daoine ar bith iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht.

Caomhnóir sealadach

Is féidir le "caomhnóir cáilitheach" duine a ainmniú le bheith ina c(h)aomhnóir sealadach sa chás nach féidir leis an gcaomhnóir cáilitheach sin a f(h)reagrachtaí caomhnóireachta a chomhlíonadh mar gheall ar thinneas nó gortú tromchúiseach.

Is éard is caomhnóir cáilitheach ann ná caomhnóir tuismitheora a bhfuil coimeád an linbh aige/aici, nó mura tuismitheoir é/í, is caomhnóir é/í a bhfuil coimeád an linbh aige/aici d'eisiamh aon tuismitheora bheo.

Ní mór don duine ainmnithe a bheith os cionn 18 mbliana d'aois. Má chreideann an caomhnóir cáilitheach nó an duine ainmnithe go bhfuil an cás sin tagtha chun cinn, is féidir le ceachtar acu iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun ordú a dhéanamh lena ndeonaítear caomhnóireacht shealadach don duine ainmnithe.

Seiceáil an féidir leat iarratas a dhéanamh

Más mian leat a sheiceáil an bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht, is féidir leat ár n-uirlis thapa 'Seiceálaí Incháilitheachta' a úsáid thíos.

Seiceáil an féidir leat iarratas a dhéanamh

Trí shraith ceisteanna simplí a fhreagairt, beidh tú in ann a sheiceáil an bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht. Tá na torthaí bunaithe ar do chuid freagraí, ach is féidir le cásanna a bheith casta agus b'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chuid roghanna.

Níl aon sonraí á dtaifeadadh ná á seoladh le linn an phróisis.

What is your relationship to the child?
Are you married to, or in a civil partnership with, the mother of the child?
Have you lived with the child's mother for 12 consecutive months, including at least 3 months with both the mother and child?
Do you believe that the qualifying guardian is incapable of exercising their responsibilities of guardianship because of serious illness or injury ?
Have you co-parented the child for more than 2 years?
Have you been a cohabitant with the parent for a minimum of 3 years?
Have you provided for the child's day to day care for a continuous period of more than one year?
Has the child got a parent or guardian that is willing to exercise the rights and responsibilities of guardianship for child?
Does the child have any guardian?
Does an appointed testamentary guardian refuse to act as guardian?