Coimeád

Cad is coimeád ann?

Is éard atá i gceist le coimeád ná a bheith freagrach as cúram laethúil linbh nó leanaí faoi bhun 18 mbliana d'aois.

Is féidir le coimeád a bheith ina shaincheist nuair is gá cinneadh dlíthiúil a dhéanamh ar leas linbh. Is minic a leanann sé seo tar éis idirscaradh breithiúnach, colscaradh, scaoileadh paisinéireachta sibhialta nó socruithe comhchónaithe thuismitheoirí an linbh.

Tá dhá chatagóir coimeádta ann:

  • Is éard atá i gceist le Coimeád Aonair ná nuair atá tuismitheoir amháin nó duine amháin atá ceaptha ag an gcúirt freagrach as cúram laethúil an linbh.
  • Is éard atá i gceist le Comhchoimeád ná nuair atá an bheirt tuismitheoirí nó beirt atá ceaptha ag an gcúirt freagrach as cúram laethúil an linbh. Mura bhfuil comhchoimeád le roinnt go cothrom, is féidir comhaontaithe nó cinntí a dhéanamh maidir le cé a bheidh ina p(h)ríomhchúramóir ar an leanbh. Is é an príomhchúramóir an duine a bhfuil an t-am tuismitheoireachta is mó aige/aici leis an leanbh.

Níor cheart coimeád a mheascadh suas le caomhnóireacht arb é an fhreagracht dhlíthiúil atá ar dhuine dualgais a chomhlíonadh maidir le tógáil agus leas linbh. Níor cheart é a mheascadh suas le rochtain ar an oiread, arb é an ceart dlíthiúil atá ag leanbh agus duine fásta teagmháil a bheith acu lena chéile mura gcónaíonn siad le chéile.