Cearta Rochtana

Is féidir libh socruithe rochtana a chomhaontú do leanbh. Mura féidir libh teacht ar chomhaontú, féadfaidh sibh a iarraidh ar bhreitheamh sa chúirt cinneadh a dhéanamh maidir le socruithe rochtana.

Rochtain trí chomhaontú

I gcás ina n-aontaíonn na páirtithe, is féidir socruithe rochtana comhroinnte a chur i bhfeidhm don leanbh. Is féidir libh teacht ar chomhaontú faoi shocruithe rochtana le chéile sibh féin, nó le cabhair ó eadránaí nó aturnae. D'fhéadfadh comhoibriú maidir le socruithe praiticiúla ó lá go lá agus socruithe speisialta a bheith san áireamh in bhur gcomhaontú, mar shampla:

  • bualadh leis an leanbh i bpearsa ar laethanta agus amanna comhaontaithe
  • bualadh leis an leanbh i bpearsa le haghaidh imeacht sóisialta nó ócáid speisialta, amhail lá breithe
  • cumarsáid a dhéanamh ar an nguthán nó trí mhodhanna leictreonacha eile
  • an leanbh a bheith agat thar oíche ó am go chéile, ar gach dara deireadh seachtaine nó le linn laethanta saoire scoile
  • ag dul ar laethanta saoire leis an leanbh

B'fhéidir gur mhaith leat a iarraidh ar bhreitheamh Riail Chúirte a dhéanamh de do chomhaontú. Ciallaíonn sé sin go gcaitear leis mar an gcéanna le hordú cúirte agus gur féidir é a fhorfheidhmiú go dlíthiúil cosúil le hordú cúirte. Is ionann iarratas a dhéanamh chun riail chúirte a dhéanamh de do chomhaontú agus iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú um rochtain. Tabhair cuairt ar ár rannán "Conas Iarratas a Dhéanamh" thíos chun tuilleadh eolais a fháil.

Tuilleadh eolais ar eadráin agus ar chúnamh dlí >

Rochtain arna chinneadh ag an gcúirt

Mura féidir libh teacht ar chomhaontú, is féidir leat iarratas ar rochtain a dhéanamh chun na cúirte. Seo thíos samplaí de dhaoine ar féidir leo iarratas a dhéanamh chun na cúirte. Seans go mbeidh tú féin i gcás ceannann céanna nó i gcás comhchosúil. Ní liosta uileghabhálach é seo.

Déantar formhór na n-iarratas cúirte chuig an gCúirt Dúiche. Is féidir iad a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda freisin, go minic mar chuid d'iarratas ar idirscaradh breithiúnach nó ar cholscaradh.

B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chás ar leith.

Tuilleadh eolais maidir le cúnamh dlíthiúil >

Easaontaíonn tuismitheoirí maidir le socruithe rochtana

Sa chás nach féidir leis na tuismitheoirí teacht ar chomhaontú, is féidir leis an tuismitheoir nó caomhnóir neamhchónaitheach iarratas ar Ordú Rochtana a dhéanamh chun na cúirte. Is ordú é sin ó bhreitheamh ina leagtar amach conas a dhéanfar rochtain a eagrú. Féadfaidh an breitheamh tuairimí an linbh a mheas má mheastar go bhfuil aois agus leibhéal tuisceana an linbh oiriúnach.

Gaolta an linbh

Is féidir le deartháireacha, deirfiúracha, aintíní, uncailí, agus seantuismitheoirí iarratas ar rochtain a dhéanamh chun na cúirte. Áirítear leis seo iad siúd a bhfuil gaol acu leis an leanbh trí uchtáil. Baineann sé sin freisin le rochtain ar leanbh a d'fhéadfadh a bheith faoi chúram an Stáit.

Caomhnóirí

Is féidir le duine ar bith atá ina c(h)aomhnóir faoi láthair, lena n-áirítear caomhnóir sealadach, nach bhfuil rochtain aige/aici iarratas a dhéanamh chun na cúirte.

Daoine fásta eile

Is féidir le haon duine fásta eile a chónaíonn leis an leanbh, nó a chónaigh leis/léi roimhe seo, iarratas ar rochtain a dhéanamh chun na cúirte. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le rochtain a dheonú, breithneoidh an breitheamh an méid seo a leanas:

  • Caidreamh an iarratasóra leis an leanbh
  • Aon bhaol go gcuirfí isteach ar shaol an linbh nó dá bhféadfadh an rochtain dochar a dhéanamh don leanbh
  • mianta chaomhnóirí an linbh
  • tuairimí an linbh
  • an gá ordú a dhéanamh chun rochtain an duine ar an leanbh a éascú

Seiceáil an féidir leat iarratas a dhéanamh

Más mian leat a sheiceáil an bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar rochtain, is féidir leat ár n-uirlis thapa 'Seiceálaí Incháilitheachta' a úsáid thíos.

Seiceáil an féidir leat iarratas a dhéanamh

Trí shraith ceisteanna simplí a fhreagairt, beidh tú in ann a sheiceáil an bhfuil tú incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar rochtain. Tá na torthaí bunaithe ar do chuid freagraí, ach is féidir le cásanna a bheith casta agus b'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chuid roghanna

Níl aon sonraí á dtaifeadadh ná á seoladh le linn an phróisis.

What is your relationship to the child?
Is the child currently living with you?
Has the child lived with you in the past?