I dtéarmaí dlí, ní hionann atharthacht agus tuismíocht. Mar sin féin, mar ábhair is minic a mheasctar suas lena chéile iad.
- Is éard is atharthacht ann ná ráiteas, admháil nó cruthúnas gur athair linbh é. Baineann sé go sonrach le hatharthacht nó leis an stádas a bheith ina athair.
- Is éard is tuismíocht ann ná deimhniú gur máthair nó athair linbh é nó í. Baineann sé le tuismitheoireacht nó leis an stádas a bheith i do thuismitheoir.
An chaoi a gcaitear le hatharthacht go dlíthiúil
Má admhaíonn athair an atharthacht, is féidir leis na tuismitheoirí a aontú go gcuirfí ainm an athar leis an teastas breithe.
Sa chás go bhfuil lánúin pósta, glactar leis i ndlí na hÉireann gurb é an fear céile athair an linbh, mura gcruthaítear a mhalairt. Má tá lánúin pósta ach scartha, níl feidhm ag an toimhde sin má bheirtear an leanbh níos mó ná 10 mí tar éis don lánúin scaradh óna chéile.
Mura bhfuil tuismitheoirí pósta lena chéile níl aon toimhde dhlíthiúil atharthachta ann mura bhfuil ainm an athar ar an teastas breithe.
Ciallaíonn sé sin go mb'fhéidir go mbeadh ar athair nach bhfuil pósta le máthair an linbh agus nach bhfuil ainmnithe ar an teastas breithe atharthacht a chruthú chun iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht, ar choimeád nó ar rochtain i leith an linbh.
D'fhéadfadh sé go mbeadh ar leanaí tuismitheoirí nach bhfuil pósta lena chéile atharthacht a chruthú chun a dteidlíochtaí cothabhála nó oidhreachta a fháil.
Dearbhú tuismíochta
Is féidir le duine ar bith ordú a lorg ina ndearbhaítear gurb é/í máthair nó athair duine áirithe. Tugtar ordú um Dhearbhú Tuismíochta air sin. Is féidir é a lorg fiú sa chás go bhfuil an tuismitheoir éagtha.
Má dhéantar dearbhú maidir le hordú tuismíochta, is féidir go n-iarrfar ar an tSeirbhís um Chlárú Sibhialta an bhreith a chlárú, nó an bhreith a athchlárú agus teastas breithe a eisiúint.
Déantar formhór na n-iarratas sa Chúirt Chuarda. Leagtar amach an próiseas nach mór a leanúint in Ordú 59 de Rialacha na Cúirte Cuarda. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.
Tuilleadh eolais maidir le comhairle dlí agus ionadaíocht >Cad a tharlaíonn má tá atharthacht nó tuismíocht faoi dhíospóid?
Má tá atharthacht nó tuismíocht faoi dhíospóid, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar tástáil DNA. Féadfaidh an chúirt a ordú freisin cé atá chun costas na tástála a íoc nó go gcaithfear na costais a roinnt.
Déanann sainghníomhaireachtaí tástáil DNA laistigh agus lasmuigh den tír. Gheobhaidh tú rogha d'ionaid tástála ar líne. Is é do rogha pearsanta féin é cén áit a dtéann tú le haghaidh tástála. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle a lorg ó do dhochtúir teaghlaigh nó ó do chlinic sláinte, nó comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.
Ag brath ar do chás, is féidir iarratais a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche nó chuig an gCúirt Chuarda.
I measc na bhfoirmeacha Cúirte Dúiche atá ag teastáil tá:
- Foirm 61.1: Fógra maidir le hIarratas ar Ordú chun Tástálacha Fola a Úsáid
- Foirm 61.4: Fógra go bhfuiltear chun finné a ghairm - An tAcht um Stádas Leanaí, 1987
I measc na bhfoirmeacha Cúirte Cuarda atá ag teastáil tá:
Atáirgeadh Daonna le Cuidiú Deontóra (ADCD) - Dearbhú Tuismíochta
Tháinig an tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015, i bhfeidhm an 4 Bealtaine 2020. I measc rudaí eile, soiléiríonn an tAcht seasamh dlíthiúil agus tuismíocht dhlíthiúil leanaí a rugadh ó nósanna imeachta ADCD.
Ón 4 Bealtaine 2020, is féidir le máthair bhreithe agus tuismitheoir beartaithe (céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir na máthar) linbh a rugadh mar thoradh ar ghnáthamh ADCD clárú anois le Seirbhís um Chlárú Sibhialta FSS mar thuismitheoirí. Braitheann an chaoi a dtarlaíonn sé seo ar an dáta a rinneadh an gnáthamh ADCD agus ní ar dháta breithe an linbh.
I gcás leanbh a gineadh tar éis an 4 Bealtaine 2020, ní mór an gnáthamh ADCD a bheith déanta i saoráid ADCD in Éirinn ag baint úsáid as deontóir speirme inrianaithe. Is féidir an bheirt tuismitheoirí a chlárú le Seirbhís um Chlárú Sibhialta FSS mar is gnách. Beidh ar an gclinic deimhniú a chur ar fáil ina ndeimhneofar sonraí an ghnáthaimh.
I gcás leanbh a gineadh roimh an 4 Bealtaine 2020, ní mór an gnáthamh ADCD a bheith déanta i saoráid ADCD in Éirinn nó thar lear ag baint úsáid as deontóir speirme atá gan ainm nó inrianaithe. Sa chás seo, ní chlárófar ach an mháthair bhreithe mar thuismitheoir. Éilítear Dearbhú Tuismíochta ón gCúirt Dúiche chun a chumasú don tuismitheoir beartaithe (an duine a bheartaítear a bheith ina t(h)uismitheoir eile) a bheith cláraithe ar theastas breithe an linbh ag an athchlárú.
Is féidir le duine aonair iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda chun Dearbhú Tuismíochta a fháil nuair nach bhfuil tuismitheoirí i gcaidreamh a thuilleadh. Leagtar amach in Ordú 59 de Rialacha na Cúirte Cuarda na céimeanna atá le leanúint agus iarratas á dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda.
Déantar formhór na n-iarratas sa Chúirt Dúiche. Tá próiseas iarratais na Cúirte Dúiche leagtha amach thíos.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Féadfaidh na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh ar dhearbhú tuismíochta:
- máthair an linbh, agus
- an duine a bhí ina "t(h)uismitheoir beartaithe" ag an leanbh.
Ciallaíonn "tuismitheoir beartaithe" duine, seachas máthair bheartaithe an linbh a bhí, an tráth a rinneadh an gnáthamh ADCD, a bhí ar an eolas faoin ngnáthamh agus a gheall aire a thabhairt d'aon leanbh a mbéarfar air/uirthi mar thoradh ar an ngnáthamh sin, agus freagrachtaí a fheidhmiú ina leith, amhail is dá mba thuismitheoir an linbh é nó í. Ainmneofar an leanbh lena mbaineann iarratas ar dhearbhú mar fhreagróir an iarratais.
Is comhiarratasóirí iad an mháthair agus an tuismitheoir beartaithe.
Conas iarratas a dhéanamh
Leagtar amach in Ordú 58 de Rialacha na Cúirte Dúiche na céimeanna atá le leanúint agus iarratas á dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche ar dhearbhú tuismíochta.
Is féidir iarratas a dhéanamh sa cheantar cúirte ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn an t-iarratasóir. Má chónaíonn nó má oibríonn na hiarratasóirí lasmuigh d'Éirinn, is féidir an t-iarratas a dhéanamh chuig Cúirt Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.
Ní mór don bheirt iarratasóirí foirm iarratais a chomhlánú. Ní mór mionnscríbhinn arna mionnú ag gach iarratasóir a bheith mar fhoras leis an iarratas agus, nuair is gá, fianaise mionnscríbhinne eile mar thaca leis an iarratas, agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh agus iad a fhíorú:
- Na fíorais atá mar fhoras leis an ráiteas gur rugadh an leanbh trí úsáid a bhaint as an ngnáthamh um atáirgeadh daonna le cuidiú deontóra roimh an 4 Bealtaine 2020.
- I gcás ina ndearnadh an gnáthamh lasmuigh d'Éirinn, ní mór don mhionnscríbhinn a fhíorú gur údaraíodh don duine a rinne an gnáthamh é a dhéanamh amhlaidh faoi dhlí na háite ina ndearnadh an gnáthamh agus faoin dlí lena bhforáiltear don údarú sin.
- Go raibh an dara hiarratasóir, an tuismitheoir beartaithe, ina t(h)uismitheoir beartaithe ag an leanbh tráth an ghnáthaimh.
- Go ndeimhníonn an dara hiarratasóir, an tuismitheoir beartaithe, go dtoilíonn sé nó sí leis an dearbhú tuismíochta a dhéanamh.
Ní mór an fhoirm iarratais bhunaidh, na mionnscríbhinní agus foilseán ar bith, a thaisceadh in oifig na cúirte tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta a socraíodh don éisteacht.
Foirmeacha Iarratais na Cúirte Dúiche:
- Foirm 58.54 - Fógra maidir le hIarratas ar Dhearbhú Tuismíochta - An tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015, Alt 21
- Foirm 58.49 - Ráiteas um Shocruithe do Leanbh
Breith a athchlárú
Má dheonaítear an t-ordú, is féidir leat breith an linbh a athchlárú chun ainm an dara tuismitheoir a chur san áireamh. Tá tuilleadh eolais ar fáil má dhéantar teagmháil le Seirbhís um Chlárú Sibhialta FSS.