Aitheantas Inscne

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an aire coimirce sóisialaí ar do shon féin chun d'inscne a athrú má tá tú os cionn 18 mbliana d'aois. Ní gá duit iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun é sin a dhéanamh.

Eolas maidir le hiarratas a dhéanamh ar Theastas Aitheantais Inscne agus ar Theastas Breithe athbhreithnithe >

Iarratais chúirte a bhaineann le haitheantas inscne

Ní mór duit iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda maidir le haitheantas inscne más gá duit:

Iarratas a dhéanamh ar dhíolúine má tá tú faoi bhun 18 mbliana d'aois

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun go n-aithneofaí do rogha inscne go dlíthiúil má tá tú sé bliana déag d'aois nó seacht mbliana déag d'aois.

Sa chás seo, is féidir le do thuismitheoir nó caomhnóir iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun tú a dhíolmhú ón srian aoise. Ní mór dó/di iarratas a dhéanamh ar Theastas Aitheantais Inscne ar do shon.

Ní mór do do thuismitheoir nó do chaomhnóir doiciméid a chur isteach ó do liachleachtóir, agus ó shíciatraí nó inchríneolaí chun tacú le d'iarratas.

Leagtar amach i Rialacha na Cúirte Cuarda an próiseas nach mór a leanúint.

I measc na bhfoirmeacha Cúirte Cuarda atá ag teastáil tá:

Má tá tú níos óige ná sé bliana déag d'aois, ní féidir do rogha inscne a aithint go dlíthiúil.

Is féidir le hiarratas ar Theastas Aitheantais Inscne a bheith casta. B'fhéidir gur mhaith le do thuismitheoir nó le do chaomhnóir comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Tuilleadh eolais ar chomhairle dlí agus ionadaíocht >

Tá roinnt seirbhísí tacaíochta ann freisin a d'fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat.

Tuilleadh eolais ar sheirbhísí tacaíochta >

Déan iarratas chun do chinneadh a fhreaschur má tá tú faoi bhun 18 mbliana d'aois

Má tá tú sé bliana déag d'aois nó seacht mbliana déag d'aois agus má tá Deimhniú Aitheantais Inscne agat agus más mian leat filleadh ar d'inscne bhunaidh, is féidir le do thuismitheoir nó do chaomhnóir iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda chun do chinneadh a fhreaschur.

Ní mór do do thuismitheoir nó do chaomhnóir doiciméid a chur isteach ó do liachleachtóir, agus ó shíciatraí nó inchríneolaí chun tacú le d'iarratas.

Leagtar amach i Rialacha na Cúirte Cuarda an próiseas nach mór a leanúint.

I measc na bhfoirmeacha Cúirte Cuarda atá ag teastáil tá:

D'fhéadfadh sé a bheith casta iarratas a dhéanamh chun do Dheimhniú Aitheantais Inscne a chúlghairm. B'fhéidir gur mhaith le do thuismitheoir nó le do chaomhnóir comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Tuilleadh eolais ar chomhairle dlí agus ionadaíocht >

Tá roinnt seirbhísí tacaíochta ann freisin a d'fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat.

Tuilleadh eolais ar sheirbhísí tacaíochta >

Achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh ón Aire

Is féidir leat achomharc a dhéanamh ar chinntí maidir le haitheantas inscne ar leith a dhéanann an tAire, is cuma cén aois thú. Má tá tú os cionn ocht mbliana déag d'aois, is féidir leat achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda ar do shon féin. Má tá tú sé bliana déag d'aois nó seacht mbliana déag d'aois, ní mór do do thuismitheoir nó do chaomhnóir iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda ar do shon.

I measc chinntí an Aire ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith tá:

  • Diúltú Deimhniú Aitheantais Inscne a dheonú
  • Cinneadh chun Deimhniú Aitheantais Inscne a chúlghairm
  • Diúltú Deimhniú Aitheantais Inscne a chúlghairm
  • Diúltú earráid chléireachais nó earráid fíorais a cheartú ar Theastas Aitheantais Inscne

Ní mór achomhairc a dhéanamh laistigh de nócha lá ó chinneadh an Aire, nó ón bhfógra a thabhairt duit. Mar sin féin, féadfaidh breitheamh tréimhse ama níos faide a dheonú chun achomharc a dhéanamh má fhaigheann sé/sí cúis mhaith dhóthanach chun é sin a dhéanamh.

Leagtar amach i Rialacha na Cúirte Cuarda an próiseas nach mór a leanúint.

I measc na bhfoirmeacha Cúirte Cuarda atá ag teastáil tá:

D'fhéadfadh sé a bheith casta achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Aire. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

Tuilleadh eolais ar chomhairle dlí agus ionadaíocht >

Tá roinnt seirbhísí tacaíochta ann freisin a d'fhéadfadh a bheith in ann cabhrú leat.

Tuilleadh eolais ar sheirbhísí tacaíochta >