Neamhniú

Is éard is neamhniú ann ná dearbhú dlíthiúil ó chúirt nach raibh pósadh ná páirtnéireacht shibhialta ann riamh. Dearbhaítear leis cé go ndeachaigh beirt trí shearmanas pósta nó trí shearmanas páirtnéireachta sibhialta, nach raibh an searmanas bailí de réir dlí. Tugtar neamhniú pósta air níos minice.

hionann neamhniú pósta agus colscaradh nó scaoileadh. Dearbhaítear le colscaradh go bhfuil deireadh curtha le pósadh bailí. Ar an gcaoi chéanna, dearbhaítear le scaoileadh go bhfuil deireadh curtha le páirtnéireacht shibhialta bhailí. Dearbhaítear le neamhniú pósta, áfach, nach raibh aon phósadh ná páirtnéireacht shibhialta bhailí ann ar an gcéad dul síos.

Ní hionann neamhniú agus neamhniú eaglaise. Ní athraíonn neamhniú eaglaise do stádas pósta dlíthiúil.

Tá an dlí maidir le neamhniú an-chasta. Beidh tionchar ag foraithne neamhnithe ar do chearta agus teidlíochtaí dlíthiúla. Ba chóir duit comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar do chás ar leith.

Tuilleadh eolais ar sheirbhísí cúnaimh dlí agus tacaíochta >

Cé a dheonaíonn neamhniú pósta nó páirtnéireachta sibhialta?

In Éirinn, ní féidir ach leis an gCúirt Chuarda nó leis an Ard-Chúirt Foraithne Neamhnithe - ar a dtugtar Foraithne Neamhnithe Pósta freisin - a dheonú má chomhlíontar na forais. Ní féidir neamhniú a dhéanamh trí chomhaontú lasmuigh den chúirt idir na páirtithe.

Cad iad na cineálacha pósta nó páirtnéireachta sibhialta is féidir a neamhniú?

Póstaí agus Páirtnéireachtaí Sibhialta ar Neamhní

Is póstaí nó páirtnéireachtaí sibhialta iad seo nach raibh bailí ón tús. Sampla de seo is ea má raibh duine de na céilí pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta cheana féin. Meastar de réir dlí nár tharla na póstaí nó na páirtnéireachtaí sibhialta sin riamh.

Póstaí In-Neamhnithe

Is póstaí iad seo a bhí bailí ón tús ach a cháilíonn chun foraithne neamhnithe a dheonú. Sampla de seo is ea má raibh duine de na céilí éagumasach. Nuair a dheonaítear neamhniú, meastar freisin nár tharla an pósadh sin riamh.

Níl páirtnéireachtaí sibhialta in-neamhnithe sa dlí.

Forais le haghaidh neamhnithe

Is féidir póstaí agus páirtnéireachtaí sibhialta a neamhniú ar chúiseanna éagsúla. Áirítear leo sin na nithe seo a leanas, ach níl siad teoranta dóibh:

Easpa inniúlachta

Ciallaíonn sé sin nach raibh tú in ann dul i mbun pósadh nó páirtnéireacht shibhialta atá ceangailteach ó thaobh dlí ar chúiseanna amhail:

  • bhí duine amháin agaibh pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta go bailí cheana féin
  • bhí gaol ródhlúth agaibh lena chéile
  • bhí duine amháin agaibh faoi bhun ocht mbliana déag d'aois
  • bhí an bheirt agaibh den ghnéas bitheolaíoch céanna (do phóstaí a tharla roimh an 16 Samhain 2015)

Easpa toilithe

  • éigeantas inar cuireadh brú ar cheachtar agaibh pósadh
  • dearmad, mífhaisnéis nó calaois
  • meabhairghalar ar cheachtar agaibh
  • bhí ceachtar agaibh ar meisce

Níor leanadh ceanglais fhoirmiúla

Ciallaíonn sé sin nár leanadh na rialacha foirmiúla clárúcháin, amhail:

  • gan fógra trí mhí ar a laghad a thabhairt do chláraitheoir go bhfuil sé ar intinn agaibh pósadh
  • gan díolúine ón tréimhse fógra sin deonaithe ag an gcúirt a bheith agaibh

Éagumas (baineann sé le pósadh in-neamhnithe amháin)

Ciallaíonn sé sin nach raibh duine nó an bheirt agaibh in ann an pósadh a chur i gcrích. Ní féidir leat neamhniú a fháil bunaithe ar neamhthorthúlacht nó ar dhiúltú don phósadh a chur i gcrích. Caithfidh duine agaibh a bheith éagumasach ar chaidreamh collaí.

Éagumasach ar dhul isteach i gcaidreamh (baineann sé le pósadh in-neamhnithe amháin)

Ciallaíonn sé sin nach raibh ceachtar agaibh in ann caidreamh a dhéanamh nó a chothú ar chúiseanna amhail:

  • tinneas síciatrach
  • neamhord pearsantachta
  • gnéaschlaonadh

Cad is gá dom smaoineamh air tar éis neamhniú?

Is é an toradh is soiléire ar neamhniú ná go bhfuil deireadh dlíthiúil le do phósadh nó le do pháirtnéireacht shibhialta. D'fhéadfadh sé go gcaillfeá na cearta a bhí agat mar dhuine pósta nó mar pháirtí sibhialta. Ciallaíonn neamhniú freisin go bhfuil tú saor chun athphósadh, más mian leat.

Rudaí eile le smaoineamh orthu

Is féidir le hiarmhairt neamhnithe saincheisteanna a ardú a mbeidh ort smaoineamh fúthu, seans. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tionchair ar do chás ar leith.

I measc na rudaí atá le breithniú tá:

  • conas a d'fhéadfaí difear a dhéanamh do do chearta maoine ar an áras a bhí comhroinnte roimhe seo nó ar áras an teaghlaigh
  • cén chaoi a bhféadfaí difear a dhéanamh do do chearta ar eastát d'iarchéile nó d'iarpháirtí shibhialta
  • na héifeachtaí ar do cheart chun iarratas a dhéanamh ar chothabháil ó d'iarchéile nó d'iarpháirtí
  • conas a d'fhéadfaí difear a dhéanamh do do chosaint faoin reachtaíocht um fhoréigean baile
  • do chearta ar choimeád nó ar rochtain i ndáil le leanbh cleithiúnach
  • cén chaoi a bhféadfaí difear a dhéanamh do do thacaíochtaí airgeadais amhail rochtain ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe, creidmheasanna cánach, nó faoisimh amhail faoiseamh morgáiste
  • cén chaoi a bhfuil roghanna socraíochta airgeadais éagsúil leo siúd a leanann colscaradh, idirscaradh breithiúnach nó scaoileadh