Céim 3
Íoslódáil agus comhlánaigh an páipéarachas
Sula roghnaíonn tú an fhoirm iarratais/na foirmeacha iarratais, ba cheart duit ár n-eolas maidir le hincháilitheacht a léamh go cúramach.
Tuilleadh eolais maidir le hincháilitheacht Caomhnóireachta >
Tuilleadh eolais maidir le hincháilitheacht Coimeádta>
Tuilleadh eolais maidir le hincháilitheacht Rochtana>
Íoslódáil an fhoirm/na foirmeacha iarratais ábhartha le haghaidh do shaincheist Dlí Teaghlaigh ar leith. Tá na foirmeacha liostaithe thíos. Mura féidir leat foirm a íoslódáil, is féidir leat í a iarraidh ó d'oifig Chúirte áitiúil.
Comhlánaigh na foirmeacha iarratais cuí. Déan cinnte go bhfuil an t-eolas ar fad comhlánaithe ach ná cuir isteach dáta agus am cúirte ar an bhfoirm iarratais. Ní mór duit féin nó do d'ionadaí dlíthiúil teagmháil a dhéanamh le hoifig na Seirbhíse Cúirteanna nó cuairt a thabhairt uirthi. Is féidir é sin a dhéanamh ar an bhfón, tríd an bpost nó trí fhreastal ar oifig na cúirte. Déanfaidh an tSeirbhís Chúirteanna dáta éisteachta a shannadh do do chás.
Ag brath ar an gcineál iarratais atá á dhéanamh agat, b'fhéidir go mbeidh ort foirm um Ráiteas Socruithe a chomhlánú. Léigh na treoracha ar an bhfoirm go cúramach agus líon isteach na rannáin ábhartha. Ní mór duit dhá chóip de d'fhoirm chomhlánaithe um Ráiteas Socruithe a chur le d'fhoirm iarratais. Ní mór an fhoirm um Ráiteas Socruithe a sheirbheáil ansin ar an bhfreagróir/na freagróirí mar aon leis an bhfoirm iarratais.