Cothabháil

Is tacaíocht airgeadais í cothabháil. Ciallaíonn sé airgead a íocann duine chun tacú le duine eile, amhail leanbh cleithiúnach, céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir cáilithe.

 

Is minic a thugtar cothabháil linbh ar chothabháil chun tacú le leanaí cleithiúnacha. Is comhaontú nó ordú cúirte é a chlúdaíonn conas a íocfar costais mhaireachtála linbh.

 

Is minic a bhaineann deacracht le cothabháil tar éis caidreamh a bhriseadh. D'fhéadfadh sé a bheith mar chuid d'idirscaradh nó colscaradh, nó mar chuid de dheireadh le páirtnéireacht shibhialta. Féadfaidh daoine eile a ndéanann cliseadh caidrimh difear dóibh, amhail comhchónaitheoir cáilithe, a bheith i dteideal cothabhála de réir dlí.

Roinnt téarmaí dlíthiúla ar cheart cuimhneamh orthu

Seo a leanas roinnt téarmaí dlíthiúla a d'fhéadfadh teacht suas agus an t-eolas sin á léamh agat:

  • Is éard is féichiúnaí cothabhála ann ná an duine a dhéanann na híocaíochtaí cothabhála.
  • Is éard is creidiúnaí cothabhála ann ná an duine a fhaigheann na híocaíochtaí cothabhála.

Cúnamh a Fháil