Freastail ar choinne i dTeach an Charnáin

Céim 3

Freastail ar choinne i dTeach an Charnáin

Ba chóir duit Teach an Charnáin a shroicheadh in am go leor le haghaidh do choinne ar an dáta a roghnaíodh nuair a cuireadh in áirithe é. Ag an gcoinne, rachaidh ball foirne in oifig na cúirte tríd an bpróiseas leat chun d'iarratas cothabhála a chomhlánú agus a chur isteach.

Chun a chinntiú nach gcuirtear moill ar do choinne, ba chóir duit roinnt doiciméad a thabhairt leat, lena n-áirítear:

  • Foirm bhailí aitheantais amhail Pas, Ceadúnas Tiomána, nó Cárta Seirbhísí Poiblí.
  • I gcás gach iarratas a dhéanann tú, ní mór duit an seoladh ina bhfuil cónaí ar an bpáirtí eile faoi láthair a bheith agat agus Foirm um Dheimhniú Seolta a chomhlánú.
  • Ní mór ainmneacha iomlána agus dátaí breithe na leanaí go léir a bhfuil baint acu le d'iarratas agus an seoladh ina bhfuil cónaí orthu a bheith agat.
  • Beidh ort ráiteas acmhainne a chomhlánú, mar sin ba chóir duit eolas ar na nithe seo a leanas a thabhairt leat:
    • Ioncam amhail ioncam ó fhostaíocht, sochair leasa shóisialaigh, nó foinsí eile.
    • Sócmhainní amhail eolas agus luachálacha ar thalamh, ar mhaoin, ar fheithiclí, nó ar shócmhainní eile.
    • Caiteachas amhail billí tí, aisíocaíochtaí iasachta, nó costais eile atá agat.
    • Tacaíochtaí do dhaoine eile amhail íocaíochtaí cothabhála do leanaí cleithiúnacha eile.
  • Déan cinnte le do thoil go dtabharfaidh tú na doiciméid chomhlánaithe go léir leat chuig do choinne chun d'iarratas a chur chun cinn chomh tapa agus is féidir.

Más féidir gach gníomh riachtanach a chur i gcrích le linn do choinne, tabharfar an dáta ar a mbeidh tú le freastal ar an gcúirt duit. Déanfaidh oifig na cúirte na doiciméid a sheirbheáil ar an bpáirtí eile thar do cheann.