Conas Riaráistí Cothabhála a Aisghabháil

Conas iarratas a dhéanamh chun riaráistí cothabhála a aisghabháil sa Chúirt Dúiche

Tugtar breac-chuntas sna céimeanna seo a leanas ar conas iarratas a dhéanamh ar riaráistí cothabhála a aisghabháil sa Chúirt Dúiche. Is é sin an áit a ndearnadh an t-ordú cothabhála bunaidh sa Chúirt Dúiche.

Má rinneadh d'ordú cothabhála bunaidh sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt, b'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil maidir le conas riaráistí cothabhála a aisghabháil.

Ní ghearrann an tSeirbhís Chúirteanna táille as iarratais Dlí Teaghlaigh a dhéanamh. Ba cheart duit táillí a phlé le d'aturnae, le d'ionadaí dlíthiúil nó le d'idirghabhálaí, má roghnaíonn tú a gcuid seirbhísí a úsáid.

Níl san eolas thíos ach treoir. Seiceáil reachtaíocht agus rialacha cúirte i gcónaí lena chinntiú go bhfuil d'iarratas ceart. B'fhéidir gur mhaith leat comhairle dlí a fháil chun tuiscint níos fearr a fháil ar a bhfuil i gceist.

 

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an oifig ina ndearnadh an t-ordú cothabhála tosaigh, ach is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche sa cheantar ina gcónaíonn nó ina n-oibríonn tú féin nó an freagróir. Má tá cónaí ar cheachtar agaibh nó má oibríonn ceachtar agaibh i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh gurb í Oifig Dlí Teaghlaigh Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath d'oifig áitiúil, ar a dtugtar Teach an Charnáin freisin. Is eisceacht air sin é má tá cónaí ort nó má oibríonn tú i gceantar atá clúdaithe ag Oifig Cúirte Dúiche Shoird agus Bhaile Brigín. Sa chás sin, d'fhéadfadh gurb í Oifig Cúirte Dúiche Shoird agus Bhaile Brigín d'oifig áitiúil.

Ní hionann an próiseas iarratais dóibh siúd atá ag déanamh iarratais i dTeach an Charnáin agus an próiseas don chuid eile den tír. Roghnaigh "Conas Iarratas a Dhéanamh (Teach an Charnáin)" don phróiseas sonrach maidir le Teach an Charnáin.

Aimsigh do Cheantar Cúirte Dúiche áitiúil>

Aimsigh Oifig na Seirbhíse Cúirteanna is áitiúla duit anseo >

 

 

Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí

Sula ndéanann tú iarratas ar riaráistí cothabhála a aisghabháil, beidh ort cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle ghairmiúil dlí a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin. Ba cheart duit smaoineamh freisin ar fhreastal ar eadráin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

An toghairm agus an t-iarratas i scríbhinn a chomhlánú agus a chur isteach

Chun iarratas a dhéanamh chun riaráistí cothabhála a aisghabháil, beidh ort iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus a iarraidh ar Chléireach Cúirte Dúiche Toghairm a eisiúint chun go bhFreastalóidh Féichiúnaí Cothabhála.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Seirbheáil an toghairm agus soláthair cruthúnas ar sheirbheáil

Ní mór duit an Toghairm chun go bhFreastalóidh Féichiúnaí Cothabhála a sheoladh chuig an bhféichiúnaí cothabhála. Tugtar seirbheáil ar an bpróiseas sin. Beidh ort cruthúnas ar sheirbheáil a chur ar fáil don chúirt freisin. Déantar é sin trí Dhearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála a chomhlánú.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Cuir doiciméid ar ais chuig oifig na cúirte

Ní mór duit an toghairm bhunaidh agus an Dearbhú Reachtúil i dTaobh Seirbheála a chomhdú in oifig na cúirte. Má tá na doiciméid in ord, liostófar an toghairm don chúirt agus deimhneofar an éisteacht chúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freastail ar éisteacht chúirte

Ba chóir duit féin agus don fhéichiúnaí cothabhála freastal ar an gcúirt chun go n-éistfidh breitheamh an cás. Éistfidh an breitheamh fianaise ón mbeirt agaibh agus déanfaidh sé/sí cinneadh. Tugtar ordú cúirte ar chinneadh an bhreithimh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh tú féin agus an féichiúnaí cothabhála cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Smaoinigh ar eadráin agus ar chomhairle dlí

Sula ndéanann tú iarratas ar riaráistí cothabhála a aisghabháil, beidh ort cinneadh a dhéanamh maidir le comhairle ghairmiúil dlí a fháil nó ionadaíocht a dhéanamh duit féin. Ba cheart duit smaoineamh freisin ar fhreastal ar eadráin.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Cuir coinne in áirithe i dTeach an Charnáin

Má tá cónaí ar cheachtar agaibh nó má oibríonn ceachtar agaibh i mBaile Átha Cliath, d'fhéadfadh gurb í d'oifig áitiúil Oifig Dlí Teaghlaigh Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar Teach an Charnáin freisin. Beidh ort coinne a chur in áirithe ar líne ar dtús sula bhfreastalaíonn tú ar oifig na cúirte.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin > 

Freastail ar choinne i dTeach an Charnáin

Ba chóir duit Teach an Charnáin a shroicheadh in am go leor le haghaidh do choinne ar an dáta a roghnaíodh nuair a cuireadh in áirithe é

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Freastail ar éisteacht chúirte

Is ordú é an toghairm don fhéichiúnaí cothabhála freastal ar an gcúirt ar an dáta atá luaite sa toghairm.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >

Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, gheobhaidh tú féin agus an féichiúnaí cothabhála cóip den ordú cúirte a luaithe a bheidh sé réidh.

Tuilleadh eolais faoin gcéim sin >