Conas Riaráistí Cothabhála a Aisghabháil

Céim 5
Faigh ordú cúirte

Tar éis na héisteachta cúirte, déanfaidh oifig na cúirte an t-ordú cúirte a thabhairt chun críche. Cuirfidh oifig na cúirte cóip den ordú chugat agus chuig an bhféichiúnaí cothabhála - nó chuig do dhlíodóirí - a luaithe agus a bheidh sé réidh. Má dhéantar Ordú Astaithe Tuillimh, seolfar cóip chuig fostóir na bhféichiúnaithe cothabhála freisin. 

Mura bhfaigheann tú an t-ordú cúirte laistigh de cheithre seachtaine, déan teagmháil le hoifig na cúirte. 

Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta le cinneadh an bhreithimh. Más mian leat an cinneadh a achomharc, ní mór duit do dhoiciméid achomhairc a chomhdú laistigh de cheithre lá dhéag ó éisteacht na cúirte. 

Tuilleadh eolais faoi achomharc a dhéanamh ar Ordú Cúirte Dúiche >